Skip to main content

Seachtain na Gaeilge le Energia 2024 seolta go hoifigiúil in Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath

Reáchtálfar an fhéile ó 1-17 Márta in Éirinn agus ar fud an domhain

Seoladh an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan in Ionad Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath ag ócáid speisialta Dé Sathairn, 24 Feabhra 2024. Reáchtáltar Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile le linn #SnaG24.

Bhí an seoladh ar siúl in Ionad Bhaile Bhlainséir, áit ina raibh ceol, craic agus imeachtaí teaghlaigh ar siúl le tús oifigiúil a chur leis an bhféile. Is iad Gráinne Seoige, Kayleigh Trappe agus Aindriú de Paor na hambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia ag an seoladh:

“Bhí ócáid thar a bheith speisialta againn le tús oifigiúil a chur le Seachtain na Gaeilge le Energia i mBaile Bhlainséir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil ó chroí leis an bhfoireann ó Ionad Bhaile Bhlainséir agus Craobh Pobal Gaeilge 15 de Chonradh na Gaeilge as ucht a gcuid tacaíochta agus an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan seolta againn. Tá na grúpaí pobail ag croílár na féile agus ní bheadh ann don fhéile gan an obair iontach a chuireann siad isteach.”

Ag labhairt faoin seoladh, dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt:

“Deis í Seachtain na Gaeilge le Energia don phobal a gcuid Gaeilge a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile. Molaimid go mór do ghrúpaí agus don phobal an deis a thapú leis an teanga a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Bhí sé ina phléisiúr againn an fhéile a sheoladh in Ionad Bhaile Bhlainséir agus táimid ag tnúth go mór le himeachtaí a fheiceáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin ó 1-17 Márta.”

Reáchtáltar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie.

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.