Cén cineál imeachtaí a bhíonn ar siúl?
Bíonn imeachtaí agus ceardlanna idirghníomhacha ar siúl. Bíonn cur i láthair le hullmhú agus le déanamh ag gach scoil freisin, ar théama a bheidh roinnte leo roimh ré.
Sa bhliain 2025, tharla na himeachtaí go léir in ionaid éagsúla i gceantar Chois Fharraige. Ina measc, bhí:
- Turas ar sheit Ros na Rún
- Tráth na gCeist
- Ceardlann scríbhneoireachta le Stiúideo Cuan
- Ceardlann ar chearta teanga
- Céilí le ceol beo ó Chlann Sonny
- Cur i láthair na scoileanna
- Painéal Cainte ar ghairmeacha le Gaeilge