Skip to main content

Acht Gaeilge láidir, ceart-bhunaithe agus neamhspleách de dhíth agus na cainteanna ag teacht chun deiridh

Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar an Iúr - Newry ReporterTá ceist Acht na Gaeilge go mór chun tosaigh sna comhchainteanna atá ag dul ar aghaidh ó thuaidh inniu

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Agus na cainteanna ag teacht chun deiridh don iarraidh seo, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar na páirtithe uile tacaíocht a léiriú d'Acht Gaeilge atá láidir agus bunaithe ar chearta. Ní amháin sin ach caithfidh Acht bheith ann atá neamhspleách. Go dtí seo, tá tacaíocht léirithe ag 50 de na 90 Comhaltaí den Tionól Reachtach don reachtaíocht chosanta. Tá bealach praiticiúil, 'réasúnta' agus éifeachtúil ó thaobh costais de léirithe ag Conradh na Gaeilge chun é seo a chur i bhfeidhm agus chun éilimh dhlisteanacha an phobail a shásamh ag an am céanna.

“Is trí reachtaíocht láidir bunaithe ar chearta, ar dhea-chleachtas agus ar eispéireas idirnáisiúnta is féidir an fhís seo a fhíorú, fís atá á héileamh ag pobal na Gaeilge le fada an lá. Is tábhachtach fosta go gcomhlíonfar gealltanas seanbhunaithe a tugadh mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn. Is í seo uair na cinniúna, uair chun Acht Gaeilge atá láidir a chur i bhfeidhm. Tugadh gealltanas do phobal na Gaeilge breis agus 10 mbliana ó shin go mbeadh athruithe ann. Ní mór Acht Gaeilge atá láidir, bunaithe ar chearta, agus neamhspleách bheith mar chuid de chomhaontú ar bith."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.