Skip to main content

Costais mholta Chonradh na Gaeilge “réasúnta”, a dúirt an DUP

Conradh na Gaeilge ag cruinniú leis an Pháirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) in Aibreán 2017Fógraíonn Conradh na Gaeilge sonraí breise ón chruinniú a bhí acu leis an DUP i mí Aibreáin agus é ráite ag ball sinsearach den pháirtí gur mheas sé figiúir mholta an Chonartha bheith “réasúnta”

Tá sé tugtha le fios ag Conradh na Gaeilge gur luaigh an DUP go bhfuil na costais atá molta i bplé-cháipéis an Chonartha “réasúnta” dár leo. Is é Edwin Poots a chuir an ráiteas sin chun tosaigh le linn an chruinnithe leis an Chonradh, a raibh ceannaire an pháirtí Arlene Foster i láthair aige ar 27 Aibreán i gCnoc an Anfa.

Mar chuid de thoscaireacht Chonradh na Gaeilge a bhuail leis an DUP bhí; Dr Niall Comer (Uachtarán), Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Bainisteoir Abhcóideachta), Michaeline Donnelly (Craobh Phobal ar a’n Iúl) agus Dr Pádraig Ó Tiarnaigh (Feidhmeannach Cumarsáide).

Bhí Arlene Foster, Edwin Poots, David Graham agus Christopher Stalford i láthair thar cheann an pháirtí.

Moltar go mbeadh 11 rannóg mar chuid d’aon Acht Gaeilge, agus forálacha luaite a bhaineann le Stádas Oifigiúil don Ghaeilge; an Ghaeilge sa Tionóil, sna Rialtais Áitiúla; an teanga agus an BBC; mar aon le ról an Choimisinéara Teanga agus cúrsaí Logainmneacha.

D’fhoilsigh Conradh na Gaeilge an phlé-cháipéis maidir le moltaí don reachtaíocht teanga agus na costais a mbaineann leo: £2mhilliún sa bliain, mar aon le costas tosaigh aon-uaire de £9milliún chun an bun-infreastruchtúr a thógáil a thabharfaidh bunús do chur i bhfeidhm praiticiúil na reachtaíochta. Tá na costais seo bunaithe ar phlean 5 bliana, mar a bhíonn le saol-ré feidhmeannais, agus mar sin tá costas iomlán de £19milliún luaite thar 5 bliana (£3.8milliún sa bliain), costas a ísleoidh de réir a chéile, má chuirtear an reachtaíocht agus na moltaí i bhfeidhm go héifeachtach.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Nuair a bhuail muid leis an DUP in Aibreán na bliana seo dúradh linn go mbeadh soláthair reachtúla ann don Ghaeilge. Bhí an chuid is mó den chruinniú bunaithe ar phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ina bhfuil costais curtha le moltaí s’againne don Acht. D’aithin ionadaí ón DUP, Edwin Poots, a bhí i láthair, go bhfuil na costais seo “réasúnta”. Is léir dúinn gur dul chun cinn an-tábhachtach é seo, go háirithe agus cúrsaí costais luaite go minic agus go poiblí ag an DUP roimhe seo mar phríomhchonstaic roimh aon reachtaíocht don Ghaeilge.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Má tá an DUP sásta go bhfuil ár gcostais “réasúnta”, agus mar sin indéanta, thógfadh muid ceist maidir le bunús freasúra atá ag roinnt ball dá bpáirtí d’Acht Gaeilge, go háirithe i dtaobh costas. Baintear úsáid as an imní atá léirithe ag baill den pháirtí maidir leis na costais iomarcacha atá luaite acu féin (£30m - £100m) chun baic a chur ar thabhairt isteach reachtaíochta a gealladh breis agus 10 mbliana ó shin ag Comhaontú Chill Rìmhinn, go háirithe agus muid i lár tréimhse ina bhfuil ‘cúinsí deacra eacnamaíochta'. Tá súil againn mar sin féin go ndéanfar dul chun cinn suntasach ar cheist an Achta le linn na gcomhchainteanna reatha go háirithe anois agus é ráite ag an DUP go nglacann siad lenár gcostais mar chostais réasúnta, mar aon le tacaíocht an tromlaigh de CTR (50/90) d’Acht Gaeilge."

Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Achta le fáil anseo.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.