Skip to main content

Tá géarghá le reachtaíocht cheart-bhunaithe chun ionsaithe ar an Ghaeilge a chosaint as seo amach

Acht Gaeilge á éileamh ag Craobh Ard Eoin de Chonradh na GaeilgeFáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh fhiosrúchán Choimisiún Comhionannais i dtaca le cinntí Líofa

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh chinneadh Choimisiún Comhionannais fiosrúchán a dhéanamh maidir le cinntí a glacadh deireadh a chur le scéim sparánachtaí Líofa i Nollaig 2016.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh Choimisiún Comhionannais fiosrúchán a dhéanamh maidir le scéim Líofa agus tá muid ag súil go mór le torthaí an fhiosrúcháin a léamh agus iad réidh. Cuireadh scéim thrasphobail Líofa ar bun, scéim a ndéantar tástáil acmhainne uirthi, chun deiseanna foghlamtha a chur ar fáil do dhaoine óga, na daoine óga is mó faoi mhíbhuntáiste sna sé chontae. B’ionsaí é seo, ní amháin ar an Ghaeilge, ach ar na daoine óga sin ar suim leo eispéireas tumoideachais a fháil sa Ghaeltacht. Ní raibh anseo ach an t-ionsaí ba dhéanaí i sraith fhada ionsaithe ó Airí de chuid an DUP ar an Ghaeilge agus ar an Ghaelscolaíocht. Ní féidir leis an phatrún nó leis an chur chuige seo leanúint ar aghaidh. Ní féidir le todhchaí Gaelscoileanna, scéimeanna pobail agus eile bheith oscailte d’ionsaithe ó Áirí a ghlacann cinntí frith-Ghaeilge amach anseo. Tá bunchosaint de dhíth ar an teanga agus ar an phobal; cuirtear sin ar fáil tríd reachtaíocht cosanta, ceart-bhunaithe don Ghaeilge.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn cás Líofa, thar aon chás eile, an géarghá atá ann le reachtaíocht cheart-bhunaithe teanga a dhéanfaidh cosaint ar an Ghaeilge. Ón lá a fuair muid ríomhphost Líofa roimh an Nollaig tá an Conradh ag stocaireacht go leanúnach ar son Achta agus an t-éileamh le aghaidh Acht Gaeilge ag méadú i rith an ama. Tháinig na mílte daoine chun sráide arís agus arís eile chun Acht a éileamh; bhí agóidí i ar an Iúr, i nDoire, i gCnoc an Anfa agus breis agus 12,000 ar shráideanna Bhéal Feirste; iad uilig ag tacú le reachtaíocht cheart-bhunaithe don teanga. Cheana féin, tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nua-thofa. Tá tacaíocht ann fosta ó Chomhairle na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe, chun go gcomhlíonfar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.