Skip to main content

An-Tóir Go Deo Ar CEOL 2017

Ceol 2017 le hEoghan McDermottSeoladh Oifigiúil den Dlúthdhiosca CEOL 2017

Beidh CEOL 2017 le hEoghan McDermott seolta go hoifigiúil in Copper Face Jacks i mBaile Átha Cliath le ceol ó The Blizzards agus ón DJ John Gibbons!

Beidh an seoladh ar siúl le linn cóisir d’éisteoirí deimhnithe an Eoghan McDermott Show ar 2FM. Beidh sé ar siúl inniu, Déardaoin 15 Meitheamh 2017, in Copper Face Jacks. Beidh The Blizzards, a rinne taifeadadh ar amhrán do CEOL 2017, agus an DJ John Gibbons ag seinm ar an oíche.

Tá sé dochreidte go bhfuil an oiread sin ceoltóirí chomh hiontach sin ag taifeadadh as Gaeilge, ina measc tá Picture This, Walking On Cars agus Gavin James. Tá cúpla cara againn ó thíortha thar lear ag taifeadadh as Gaeilge freisin - Gabrielle Aplin ó Shasana agus Matt Simons ó na Stáit Aonaithe.

Deir Eoghan McDermott:

“Tá an-tóir go deo ar CEOL 2017, tá sé sin dochreidte agus tá mé ar bís faoi. Feicimid go bhfuil tóir ar cheol as Gaeilge agus go bhfuil daoine ag iarraidh éisteacht le ceol as Gaeilge. Faighimid an oiread sin ríomhphoist agus téacsanna ar ár gclár ar 2FM ó dhaoine atá ag lorg cóip de CEOL 2017 - tá sé iontach! Bhí páistí, daoine fásta, déagóirí, daoine le Gaeilge, daoine le cúpla focal agus go leor daoine ó thíortha thar lear i dteagmháil agus ag insint dúinn go bhfuil siad an-tógtha leis na hamhráin. Bhíomar ag iarraidh, mar sin, an dlúthdhiosca CEOL 2017 a sheoladh go hoifigiúil agus beidh an seoladh oifigiúil ar siúl ag ár gcóisir dár n-éisteoirí deimhnithe in Coppers! Seans go mbeidh Coppers sásta na hamhráin ón dlúthdhiosca CEOL 2017 a chur ar an seinnliosta atá acu!"

Arsa Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:

“Bhí an-áthas orainn go raibh Eoghan McDermott agus RTÉ 2FM ag obair linn arís ar an dlúthdhiosca CEOL 2017. Tá na dlúthdhioscaí CEOL ag dul ó neart go neart gach bliain agus leanfaidh sé sin! Tá 50,000 cóip de CEOL 2017 le tabhairt amach againn i mbliana. Seoladh cóip go gach bunscoil sa tír agus gheobhaidh gach iar-bhunscoil cóip i Mí Mheán Fómhair. Gheobhaidh na coláistí samhraidh agus na cumainn ghaelacha tríú leibhéal ar fad cóip chomh maith. Thug mé faoi deara go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtuismitheoirí atá ag lorg cóip den albam CEOL le cabhrú lena bpáistí a gcuid Gaeilge a fheabhsú. Chuireamar físeán le liricí le chéile do gach amhrán atá ar CEOL 2017 agus éistíodh leo na céadta mílte uaire. Munar éirigh leat cóip a fháil go fóill, is féidir éisteacht leis na hamhráin ar fad ag www.cnag.ie/ceol."

Seo a leanas an seinnliosta iomlán atá ar an albam:

  • Picture This
  • The Blizzards
  • Walking On Cars
  • Gavin James
  • Matt Simons
  • Delorentos
  • Gabrielle Aplin
  • Seo Linn
  • The Coronas
  • Heathers
  • IMLÉ
  • Tine

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.