Gá le haitheantas sonrach don Ghaeltacht

An Roinn GaeltachtaIs ábhar buairimh é do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil an Ghaeltacht luaite go sonrach i dteideal na Roinne stáit ar a mbeidh cúraimí na Gaeltachta agus na Gaeilge uirthi feasta. De réir fhógra an Taoisigh, Leo Varadkar TD, sa Dáil aréir (14 Meitheamh 2017), is é an Roinn Cultúir a bheidh mar theideal na Roinne sin anois.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá i bhfad níos mó i gceist le cúraimí na Gaeltachta ná cúrsaí cultúir. Tá Gaeltachtaí na tíre ina gceantair ina bhfuil gnáthphobail ina gcónaí iontu, pobail a bhfuil riachtanais shonracha acu, agus pobail a bhfuil seirbhísí ag dul dóibh mar shaoránaigh na tíre seo. Baineann na riachtanais seo le cúrsaí infreastruchtúir, le cúrsaí fostaíochta, le forbairt pobail agus le réimse eile seirbhísí, seirbhísí atá riachtanach má tá na ceantair Ghaeltachta le maireachtáil mar cheantair ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáththeanga labhartha iontu.

“Léiríonn an obair atá ar siúl ag na pobail Ghaeltachta féin mar chuid den phróiseas pleanála teanga leochaileacht na teanga i ngach ceantar Gaeltachta. Caithfear díriú go práinneach ar na fadhbanna teanga agus ar na fadhbanna eile atá ag na ceantair Ghaeltachta agus ní leor go mbeadh na cúraimí seo ar fad luaite faoin gceannteideal cultúir amháin.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá baol mór ann do mhaoiniú Gaeltachta sa Roinn athchóirithe faoi mar atá fógartha ag Taoiseach Varadkar. Léiríonn taighde Chonradh na Gaeilge nach bhfuil cothrom na Féinne faighte ag an nGaeltacht nó an Ghaeilge maidir le maoiniú stáit. Tá sé suntasach, mar shampla, go léiríonn an taighde sin a laghad maoinithe atá ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge i gcomparáid leis an gComhairle Ealaíon.

“Gan tagairt shonrach don Ghaeltacht, agus gan Aire sinsearach le Gaeilge atá tiomanta don Ghaeltacht, tá an baol anois ann go bhfágfar maoiniú na Gaeltachta ar an trá fholamh arís. Ar ndóigh, tá sé seo ag tarlú ag am a bhfuil plean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeltachta agus Gaeilge fud fad na tíre. I measc na n-éileamh sa phlean seo, tá maoiniú chun 1,000 post breise a chruthú sa Ghaeltacht. Iarrann Conradh na Gaeilge ar an Taoiseach Varadkar breathnú in athuair ar theideal na Roinne le cinntiú go dtugtar aitheantas sonrach don Ghaeltacht agus le cinntiú go gcuirfear le maoiniú an Údaráis.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge