Skip to main content

Ceiliúradh Cultúir Is Mó Sa Chathair in Uimhir 6 D'Oíche Chultúir 2013!

Agus Oíche Chultúir Átha Cliath 2013 á seoladh amárach (20 Lúnasa 2013), beidh an ceiliúradh cultúir is mó trí Ghaeilge á reáchtáil ag grúpaí Gaeilge go leor i gceann de na hárais is spéisiúla sa phríomhchathair in Uimhir 6 Sráid Fhearchair oíche Aoine, 20 Meán Fómhair 2013.

Tabharfar turas treoraithe dátheangach ar Uimhir 6 gach 30 nóiméad nó mar sin ó 5.00 - 11.00in mar chuid d'Oíche Chultúir 2013, agus saineolas á roinnt ar stair an árais a bhí ina theach agus ina halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman tráth gur bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn, ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse, agus ina Aireacht Airgeadais faoi Mhícheál Ó Coileáin nuair a bunaíodh an Saorstát.

Arsa Síne Nic an Ailí, Comheagraí Oíche Chultúir 2013 in Uimhir 6, lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath: "Tá stair an Stáit fite fuaite go dlúth leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, áras atá ag croílár na Gaeltachta uirbí i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu, agus measaim go meallann an stair spleodrach, spéisiúil sin an-chuid cuairteoirí chugainn ar Oíche Chultúir gach bliain.

"Ní minic go mbíonn deis ag an bpobal cuairt a thabhairt ar áras chomh stairiúil le hUimhir 6, ach ní ar na turais staire amháin a bheidh tóir orthu ar Oíche Chultúir 2013, óir tá clár leathan imeachtaí leagtha amach againn chun gach duine le spéis ar bith acu sa teanga a shásamh!"

I measc na n-imeachtaí atá luaite ar www.facebook.com/Uimhir6 don Oíche Chultúir in Uimhir 6, áirítear ceardlann raidió do dhaoine óga (12 - 18 mbliana d'aois) á reáchtáil ag Ógras i gcomhar le Raidió Rí-Rá ar 6.00in; Dátheangach Ó Thús / Bilingual Beginnings, ceardlann dátheangach eagraithe ag Comhluadar do thuismitheoirí ag iarraidh a gclann a thógáil trí Ghaeilge ar 6.30in; rang Gaeilge do thosaitheoirí de chuid Chonradh na Gaeilge ar 7.00in; ceardlann damhsa ar an sean-nós le Marian Ní Chonghaile eagraithe ag Seachtain na Gaeilge i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge ar 7.30in; agus Seisiún sa Siopa Leabhar ar 8.00in. Beidh ceol beo agus taispeántas de phóstaeir Guinness i nGaeilge ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar feadh na Oíche Cultúir leis.

Tá gach eolas faoi na himeachtaí ar fad a bheidh ar siúl i lárionad Gaeilge na cathrach ar fáil ar www.facebook.com/Uimhir6 agus fáilteofar roimh dhaoine ó gach cúlra - idir óg agus aosta, idir Bhéarlóirí agus Ghaeilgeoirí - bualadh isteach ar Uimhir 6 don Oíche Chultúir i mbliana. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Síne Nic an Ailí
Comheagraí, Uimhir 6
+353 (0)87 6546673 / +353 (0)1 4757401

Daragh Ó Tuama
Stiúrthóir, Uimhir 6
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 2302101

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath é Uimhir 6 ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Bhí baint ag cuid de na daoine is tábhachtaí i stair agus i bpolaitíocht na hÉireann leis an áras ag Uimhir 6, an Cairdinéal John Newman agus Mícheál Ó Coileáin san áireamh. Ní hamháin go bhfuil an-stair ag baint leis an bhfoirgneamh féin áfach, ach tá tábhacht stairiúil ag baint leis na grúpaí Gaeilge atá lonnaithe san áras anois. Feidhmíonn Club Chonradh na Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Ógras, Oireachtas na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, Seachtain na Gaeilge, An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta, agus An Siopa Leabhar ó Uimhir 6 sa lá atá inniu ann agus tá an lárionad ag croí na gluaiseachta chun an Ghaeilge a chothú agus a spreagadh sa phríomhchathair agus go náisiúnta. Buail isteach i nGaeltacht uirbeach Átha Cliath inniu! www.uimhir6.worpress.com

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

• Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
• Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
• Glac páirt sna comórtais - tá duaiseanna iontacha le baint amach!
• Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d'fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
• Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
• Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
• Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.