Skip to main content

Céim chun cinn le ceapadh Joe McHugh mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus cúram na Gaeltachta air – guth don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar ais ag an mbord Rialtais

Joe McHugh sa DáilFáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh cheapachán an chainteora líofa Gaeilge Joe McHugh mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus cúram na Gaeltachta air agus airí á n-athrú ag an Taoiseach nuathofa, Leo Varadkar TD, inniu (Dé Céadaoin, 14 Meitheamh 2017).

Is ábhar dóchais é don Chonradh freisin go bhfuil an Taoiseach nua tar éis a thacaíocht a thabhairt go poiblí do chomharthaí bóthair a thugann cothrom na Féinne don Ghaeilge, d’Acht Gaeilge ó thuaidh, agus d’aitheantas do chearta Gaeilgeoirí i measc go leor eile.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Fáiltíonn an Conradh roimh ceapadh Joe McHugh mar Phríomh-Aoire an Rialtais agus cúram na Gaeltachta air. Níl vóta aige mar Phríomh-Aoire, agus tá Conradh na Gaeilge fós ag éileamh sin, ach tá guth don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar ais ag an mbord Rialtais.

"Tá an Conradh ag súil go ndéanfaidh an Taoiseach Varadkar beart de réir a bhriathair le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas a láidriú, le cainteoirí líofa Gaeilge a earcú sa státseirbhís, le rogha na Gaelscolaíochta a chur ar fáil d’achan duine ar mian leo í, agus le breis acmhainní a chur ar fáil chun aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach chun líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is léir go dtuigeann an Taoiseach nua cuid de na dúshláin is mó lena bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ag streachailt, agus beidh le feiceáil an féidir leis aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin le bearta cinnte réamhghníomhacha agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil, faoi mar a gheall sé sular toghadh é ina Thaoiseach.

"Táimid ag súil chomh maith go leanfaidh an Príomh-Aoire Joe McHugh leis an obair mhaith tosaithe le déanaí ag Aire na Gaeltachta, Seán Kyne, ar cheannteidil Acht na dTeangacha Oifigiúla.”

Molann Conradh na Gaeilge an Taoiseach nua Leo Varadkar TD as an tiomantas pearsanta atá léirithe aige i leith na Gaeilge go dtí seo, agus súil go leanfaidh sé leis an nós Gaeilge a úsáid go laethúil ina chuid oibre féin faoi mar a d’úsáid sé an Ghaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach sa Dáil níos luaithe inniu.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.