An Comhrá Mór Ag Spreagadh Gníomhartha don Ghaeilge & don Ghaeltacht

An Comhrá Mór | Clár an LaeBláthnaid Ní Chofaigh ina Cathaoirleach ar ollchruinniú gnímh chun leas na teanga Dé Sathairn

Baileoidh gníomhairí ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Óstán Wynns sa phríomhchathair ó 11.00rn – 4.00in an Satharn bheag seo (10 Meitheamh 2017) le gníomhartha chun leas na teanga a aontú le chéile. Is ollchruinniú gnímh é An Comhrá Mór a thagann sna sála ar thorthaí an Daonáirimh 2016 ó dheas agus ar An Lá Dearg i mBéal Feirste.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is iomaí dúshlán atá romhainn mar phobal, ach tá an iliomad nithe dearfacha againn ar féidir tógáil orthu leis na dúshláin is deacra a shárú agus saol trí Ghaeilge a chinntiú d’achan duine atá á lorg. Is léir go bhfuil an feachtas An Dream Dearg ag dul ó neart go neart le cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge ó thuaidh mar shampla, agus tá bua i ndán do phobal na teanga ó dheas leis an bhille a leasódh agus a neartódh Acht na dTeangacha Oifigiúla go mór.

“Tá fuinneamh dochreidte ag na Gaeil, agus is fiú dúinn tógáil ar an obair iontach sin i measc an phobail. Más féidir linn gníomhartha ar leith a aontú le chéile mar thosaíochtaí don phobal Gaeilge agus Gaeltachta, is féidir linn an brú a mhéadú ar na húdaráis le gníomhú orthu sin ar son leas na teanga. Sin is cúis leis an Chomhrá Mhór Dé Sathairn, agus fearann muid fáilte roimh achan duine bualadh isteach ar Óstán Wynns.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

“Tá 80 grúpa pobail tar éis plean infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a aontú, agus anois an t-am leis an gcomhoibriú sin a threisiú trí ghníomhartha chun nithe an phlean sin agus chun spriocanna na mórfheachtas teanga a bhaint amach.

“In ainneoin ainm na hócáide, ní é An Comhrá Mór an t-am le caint ar mhaithe le gearán a dhéanamh, ach an t-am le dul i mbun gnímh le fís agus le plean gnímh comhaontaithe.”

Beidh deis ag rannpháirtithe aiseolas a thabhairt agus a fháil ó na grúpaí ar fad mar chuid de sheisiún deiridh an lae. Tá An Comhrá Mór oscailte do chách agus is féidir le daoine clárú ar-líne anseo.

CLÁR AN LAE:

11.00    Fáilte – tae agus caife
11.15    Cuir in aithne, spriocanna agus cur chuige an lae
        – Bláthnaid Ní Chofaigh, Cathaoirleach an Lae
11.20    Cur i láthair ar na feachtais reatha & plé
12.00    Ceardlanna:

Na dúshláin a aithint – Ursula Ní Shabhaois
Na meáin shóisialta sna feachtais – Tomaí Ó Conghaile
Bunteachtaireacht – John Ó Liodáin

12.40     Aiseolas ó na ceardlanna
13.00    Lón
13.40    Aoichaint – Traolach Ó Buachalla:
        Feachtas um Chomhionannas Pósta: Ceachtanna le Foghlaim

14.00    Ceardlanna:

Gníomhartha ó dheas - Paula Melvin
Gníomhartha ó thuaidh - Gráinne Ní Ghilín
Gníomhartha sa Ghaeltacht - Sara Ní Chuireáin

14.40    Aiseolas
15.00    Gníomhartha aontaithe
15.30    Críoch

CÚLRA:

Nuair a thug Daonáireamh 2011 sa Bhreatain Bheag le fios gur thit líon na gcainteoirí Breatnaise, spreag Rialtas na Breataine Bige comhrá náisiúnta faoi thodhchaí na teanga. Fóram oscailte dar teideal Iaith Fyw: Y Gynhadledd Fawr, nó Teanga Bheo: An Comhrá Mór, a bhí i gceist leis seo.

Anseo in Éirinn, léirigh na torthaí is déanaí ó Dhaonáireamh 2016 ó dheas go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge tar éis titim den chéad uair ó bhí 1946 ann. Spreagtha ag Y Gynhadledd Fawr, tá An Comhrá Mór: Ollchruinniú Gnímh á reáchtáil chun tús a chur le comhrá mhór mhuintir na hÉireann i dtaobh na Gaeilge.

Reáchtálfar An Comhrá Mór mar fhóram poiblí le smaointe agus le tuairimí a spreagadh agus a bhailiú, ach is cruinniú le dul i mbun gnímh é seo go príomha. Aontófar gníomhartha a bhaineann go sonrach le feachtais ar leith ar an lá. Áireofar go háirithe gníomhartha maidir le reachtaíocht ó thuaidh, reachtaíocht níos láidre ó dheas, agus maoiniú don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a bhaint amach i measc go leor eile. Déanfar cur síos ar staid reatha na bhfeachtas chomh maith, ar an daonáireamh ó dheas agus ar an bhfeachtas Dream Dearg ó thuaidh.

CATHAOIRLEACH:
Bláthnaid Ní Chofaigh: Láithreoir raidió agus teilifíse, as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí di.

ÉASCAITHEOIRÍ:
Ursula Ní Shabhaois: Bainisteoir ar Chlub Áras na nGael i nGaillimh agus scríbhneoir an chinn lae Ag Smaoineamh Os Ard, as Co. Ard Mhacha di.
Tomaí Ó Conghaile: Stiúrthóir NÓS, bainteach leis na meáin Ghaeilge le fada, as Co. Ard Mhacha dó.
John Ó Liodáin: Cathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, as Co. na Mí dó.
Traolach Ó Buachalla: Léiritheoir teilifíse agus duine de bhunaitheoirí an fheachtais #TáComhionannas, as Baile Átha Cliath dó.
Paula Melvin: Cathaoirleach Pobal 15 agus Riarthóir Dámhachtainí le Coimisiún Fulbright na hÉireann, as Baile Átha Cliath di.
Gráinne Ní Ghilín: Iriseoir leis An tUltach, ball gníomhach ins An Dream Dearg, as Béal Feirste di.
Sara Ní Chuireáin: As Gaoth Dobhair di, fostaithe mar oifigeach forbartha Gaeilge i mBoirche Íochtar, deisceart Cho. an Dúin.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge