Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh fhoilsiú cheannteidil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017

ReachtaíochtFáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh fhoilsiú cheannteidil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 inniu (Dé hAoine, 2 Meitheamh 2017). Fáiltíonn an t-eagras abhcóideachta roimh an deis a thabharfar do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta anois páirt a ghlacadh sa phróiseas le cinntiú go gcuirtear reachtaíocht láidir ar fáil a chinnteoidh cearta teanga an phobail seo, agus roimh an iliomad deiseanna a chuirfidh an reachtaíocht ar fáil don phobal an Ghaeilge a úsáid leis an stát ó dheas.

Is ábhar sásaimh é do Chonradh na Gaeilge go bhfuil réimse leathan moltaí a chuir an eagraíocht chun tosaigh san áireamh sna ceannteidil don Acht nua. Bunaíodh na moltaí seo ar phlé a bhí ag an gConradh le pobal na Gaeilge, leis an gCoimisinéir Teanga, leis an bhfreasúra, leis an Aire Seán Kyne TD, agus le Roinn na Gaeltachta féin.

Mhol Conradh na Gaeilge go gcuirfí gach seirbhís phoiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020, agus go mbeadh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Is léir, agus na ceannteidil foilsithe anois, go mbeidh na nithe seo lárnach san Acht nua.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá a lán obair fós le déanamh le cinntiú go bhfuil reachtaíocht láidir againn, reachtaíocht a chinnteoidh cearta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus a chuirfear deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal ag plé leis an stát trí chéile. Ach ní mór aitheantas a thabhairt don obair atá déanta go dtí seo ag an Aire Stáit, Seán Kyne, agus ag oifigigh a Roinne, agus na ceannteidil díreach foilsithe inniu. Is léir go bhfuil cluas le héisteacht tugtha acu don phobal ar a bhfuil siad ag freastal orthu.

“Is léir fosta, áfach, go bhfuil ról fós ag an bpobal le cinntiú go leanfar anois leis an bpróiseas chun an tAcht a chur tríd an Dáil. Léirigh tuairisc an Choimisinéara Teanga ar fheidhmiú na Scéimeanna Teanga – scéimeanna a bhí lárnach maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge don phobal – go raibh drogall ar eilimintí áirithe den státchóras ár gcearta teanga a thabhairt dúinn. Caithfidh muid a chinntiú nach dtarlaíonn amhlaidh amach anseo.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá na ceannteidil á scrúdú ag Conradh na Gaeilge anois agus tá leasaithe molta á n-ullmhú againn, de réir mar is cuí, chun an tAcht a láidriú mar chuid den phróiseas reachtaíochta. Ní mór a chur san áireamh go ndearna muid moltaí eile, go háirithe maidir le comharthaí bóthair agus cúrsaí reachtaíochta, nach luaitear sna ceannteidil mar a sheasann siad. Tá súil againn na moltaí seo a thabhairt chun cinn arís agus tacaíocht pholaitiúil a lorg dóibh. Bhí sé suntasach gur éirigh linn tacaíocht traspháirtí a fháil ón bhfreasúra, ó bhaill agus ó pháirtithe an Oireachtais araon, do na moltaí a d’ullmhaigh muid, agus táimid thar a bheith buíoch as an tacaíocht seo. Beimid ag filleadh arís ar na polaiteoirí céanna le cinntiú go n-achtófar Acht a bheidh in ann cearta teanga an phobail a chinntiú.”

Agus é ag fógairt chinneadh oifigiúil an Rialtais glacadh le ceannteidil an Achta, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur chreid sé go láidir gur ag obair i gcomhar lena chéile is fearr a bhainfear torthaí dearfacha amach don teanga agus do phobal na Gaeilge. Tá Conradh na Gaeilge den tuairim chéanna agus tá an eagraíocht ag súil go mór le bheith ag obair leis Aire Stáit, le Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán agus polaiteoirí an fhreasúra chun Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 a thabhairt go ceann scríbe.

BILLE na dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ) 2017

Leasuithe arna mholadh ag Conradh na Gaeilge le háireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2017 ar fáil pdfanseo.

I measc na bhforálacha atá á moladh ag Conradh na Gaeilge leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

  • Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020
  • Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, rud a shábhálfadh airgead ar an stát
  • Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n-áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo
  • Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach
  • Go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge*

* Is é an cuspóir atá leis an alt nua seo ná an ceart a thabhairt do dhaoine a n-ainm agus a seolta a úsáid i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit le linn dóibh cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí poiblí. Glacfaidh an stát agus comhlachtaí stáit le pé ainm agus seoladh a thabharfaidh an saoránach dóibh i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit agus féachfaidh siad chuige go bhfuil cruinnlitriú iomlán, sínte fada san áireamh, á chur i bhfeidhm, sna córais teicneolaíochta faisnéise go háirithe.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge