Skip to main content

Géarghá le Grúpa Idir-Rialtasach le Teangacha Ceilteacha A Chosaint sna sála ar Bhreatimeacht

BreatimeachtTacaíonn Conradh na Gaeilge le héileamh Ghréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (ELEN)

Agus na fadhbanna móra atá á mbagairt ar theangacha Ceilteacha mar thoradh ar an mBreatimeacht á bplé i bParlaimint na hAlban inniu (30 Bealtaine 2017), tá Conradh na Gaeilge ag tacú le héileamh Ghréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (ELEN) go mbunófaí grúpa idir-rialtasach chun cearta na bpobal teanga seo a chosaint mar ábhar práinne.

Ba chóir go n-áireofaí ionadaithe ó rialtas na hAlban, ó rialtas na Breataine Bige, ón bhFeidhmeannas ó thuaidh in Éirinn, ó Chomhairle Chorn na Breataine, agus ó eagraíochtaí neamhbhrabúis teanga ar an ngrúpa idir-rialtasach seo chun aghaidh a thabhairt ar an mórbhagairt seo.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, a labhair i bParlaimint na hAlban inniu:

“Beidh impleachtaí móra ag an mBreatimeacht ar phobal na Gaeilge agus na dteangacha Ceilteacha eile, idir fhoghlaimeoirí teanga agus chainteoirí líofa araon, agus seasann Conradh na Gaeilge leis na pobail sin. Ní mór do na rialtais ábhartha amhlaidh a dhéanamh trí ghrúpa idir-rialtasach a bhunú leis na pobail teanga seo a chosaint láithreach.”

Beidh Conradh na Gaeilge ag obair go dian i gcomhar le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (ELEN), le rialtais na dteangacha Ceilteacha, agus le pobail na dteangacha céanna chun teacht ar chomhréiteach lena cearta teanga a chosaint agus Acht Gaeilge ceartbhunaithe a reachtú ó thuaidh.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.