Comhoibriú & Céim Chun Tosaigh Leis an Acht Teanga A Láidriú

Acht na dTeangacha OifigiúlaFáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh na moltaí sna ceannteidil le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh chinneadh oifigiúil an Rialtais deireadh a chur leis na scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ag cruinniú inniu (Dé Máirt, 30 Bealtaine 2017), agus molann an cinneadh rialacháin a thabhairt isteach ina n-áit faoi mar atá molta ag an gCoimisinéir Teanga freisin.

Ghlac Coiste Gaeilge an Rialtais le réimse leathan moltaí a d’eascair ón bplé a bhí ag Conradh na Gaeilge agus ag an gCoimisinéir Teanga leis an Aire Stáit, Seán Kyne TD, agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le míonna beaga anuas, moltaí a ghnóthaigh tacaíocht traspháirtí ó bhaill éagsúla an Oireachtais freisin.

Mhol Conradh na Gaeilge go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020, agus go mbeadh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Sna sála ar ráiteas an Aire Kyne inniu, tá gach cosúlacht ar an scéal gurb amhlaidh a bheidh sna ceannteidil deiridh atá fós le foilsiú ag an Rialtas.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Seo an chéad chéim eile sa phróiseas chun reachtaíocht níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus fáiltíonn an Conradh go croíúil roimhe sin. Ní mór spriocanna agus spriocdhátaí cinnte a dhaingniú sa bhille nua áfach, chun go n-imreoidh an reachtaíocht leasaithe seo tionchar mar is ceart ar an phobal ó thaobh rochtain ar sheirbhísí Gaeilge de, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht araon.”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Is maith é go dtugann na ceannteidil seo aghaidh ar cheist na hearcaíochta sa státseirbhís le seirbhísí stáit sásúla a chinntiú don phobal as Gaeilge. Is gá spriocdháta chinnte a lua leis an leasú seo chun gur féidir an dul chun cinn na hearcaíochta a mheas agus líon na bhfostaithe a mhéadú ar bhonn straitéiseach.”

Tá na ceannteidil le plé ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán anois. Táthar ag súil go dtapófaí an deis na moltaí uile i ndréachtbhille Chonradh na Gaeilge a áireamh ina n-iomláine ag an chéad chéim eile den phróiseas agus iad ag dul faoi bhráid an Chomhchoiste.

BILLE NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ), 2017:

Leasuithe arna mholadh ag Conradh na Gaeilge le háireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2017 pdfanseo

I measc na bhforálacha atá á moladh ag Conradh na Gaeilge leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

  • Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020
  • Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, rud a shábhálfadh airgead ar an stát
  • Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n-áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo
  • Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach
  • Go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge*

* Is é an cuspóir atá leis an alt nua seo ná an ceart a thabhairt do dhaoine a n-ainm agus a seolta a úsáid i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit le linn dóibh cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí poiblí. Glacfaidh an stát agus comhlachtaí stáit le pé ainm agus seoladh a thabharfaidh an saoránach dóibh i gceachtar de theangacha oifigiúla an stáit agus féachfaidh siad chuige go bhfuil cruinnlitriú iomlán, sínte fada san áireamh, á chur i bhfeidhm, sna córais teicneolaíochta faisnéise go háirithe.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge