Seoladh ‘Conradh na Gaeilge in Albain’ leis an scríbhneoir agus staraí iomráiteach Pádraig Ó Baoighill in An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, 4 Bealtaine 2017.
Is cnuasach d’aistí ar stair an Chonartha in Albain agus ar na gnéithe éagsúla de staid na Gàidhlig é an leabhar is déanaí seo leis an Bhaoighilleach, atá foilsithe ag Coiscéim.
Pléitear an nasc idir Éire agus Albain a théann siar ar feadh na gcianta, agus na hÉireannaigh a chuaigh anonn le slí bheatha a fháil.
Chuir imircigh craobhacha de chuid an Chonartha ar bun ag tús an 20ú Céid, agus tá an Conradh ag obair leis i nGlaschú go dtí an lá inniu.
Ba í Íte Ní Chionnaith, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a sheol an leabhar, agus labhair Evin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú leis an slua a bhí i láthair faoin tábhacht a bhaineann le saothar Uí Bhaoighill. Seolfar an leabhar thall i nGlaschú níos moille an mhí seo.
Is as Rann na Feirste é Pádraig Ó Baoighill, agus cónaí air i Muineachán anois. Chaith sé féin tréimhse ag obair in Albain sna 1950idí. Tá leabhair staire, beathaisnéise, béaloidis, úrscéalta agus gearrscéalta scríofa aige.
Is féidir é a cheannach ins
ÍOMHÁ (ó chlé go deas): Íte Ní Chionnaith; Pádraig Ó Baoighill; Pádraig Ó Snodaigh; agus Evin Ó Dúnaigh ag seoladh an leabhair ‘Conradh na Gaeilge in Albain’ ins An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, 4 Bealtaine 2017.