Skip to main content

Seoladh ‘Conradh na Gaeilge in Albain’ in An Siopa Leabhar

Íte Ní Chionnaith, Pádraig Ó Baoighill, Pádraig Ó Snodaigh agus Evin Ó DúnaighSeoladh ‘Conradh na Gaeilge in Albain’ leis an scríbhneoir agus staraí iomráiteach Pádraig Ó Baoighill in An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, 4 Bealtaine 2017.

Is cnuasach d’aistí ar stair an Chonartha in Albain agus ar na gnéithe éagsúla de staid na Gàidhlig é an leabhar is déanaí seo leis an Bhaoighilleach, atá foilsithe ag Coiscéim.

Pléitear an nasc idir Éire agus Albain a théann siar ar feadh na gcianta, agus na hÉireannaigh a chuaigh anonn le slí bheatha a fháil.

Chuir imircigh craobhacha de chuid an Chonartha ar bun ag tús an 20ú Céid, agus tá an Conradh ag obair leis i nGlaschú go dtí an lá inniu.

Ba í Íte Ní Chionnaith, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a sheol an leabhar, agus labhair Evin Ó Dúnaigh ó Chonradh na Gaeilge Glaschú leis an slua a bhí i láthair faoin tábhacht a bhaineann le saothar Uí Bhaoighill. Seolfar an leabhar thall i nGlaschú níos moille an mhí seo.

Is as Rann na Feirste é Pádraig Ó Baoighill, agus cónaí air i Muineachán anois. Chaith sé féin tréimhse ag obair in Albain sna 1950idí. Tá leabhair staire, beathaisnéise, béaloidis, úrscéalta agus gearrscéalta scríofa aige.

Is féidir é a cheannach ins Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2: www.cnag.ie/siopa

ÍOMHÁ (ó chlé go deas): Íte Ní Chionnaith; Pádraig Ó Baoighill; Pádraig Ó Snodaigh; agus Evin Ó Dúnaigh ag seoladh an leabhair ‘Conradh na Gaeilge in Albain’ ins An Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, 4 Bealtaine 2017.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.