Gá le gníomhartha cinniúnacha láithreach bonn ón Rialtas, forbairt reachtaíochta ina measc, le dul i ngleic le titim i líon na gCainteoirí Gaeilge

​Bille na dTeangacha Oifigiúla 2017 | Leasuithe arna mholadh ag Conradh na GaeilgeConradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas breis tacaíochta agus seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil don phobal tríd Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú le go mbeadh méadú ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa chéad daonáireamh eile in 2022

D’fhógair Conradh na Gaeilge go poiblí inniu (Dé Céadaoin, 3 Bealtaine 2017) na leasuithe atá molta ag an eagraíocht, le moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú chun dul i ngleic leis an gcéad laghdú i líon na gCainteoirí Gaeilge ó dheas ó 1946.

I measc na bhforálacha atá á moladh leis an Acht a láidriú, tá na moltaí seo a leanas:

  • Go gcuirfí gach seirbhís poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta faoi 2020
  • Go mbeidh ar a laghad 20% d’fhostaithe nua earcaithe sa státseirbhís amach anseo inniúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge (rud a shábhálfadh airgead ar an stát)
  • Go gcuirfí deireadh le córas na scéimeanna teanga, a thuairisc an Coimisinéir Teanga le déanaí atá ag teipeadh, agus go gcuirfí córas rialacháin ina n-áit le rangú ar na comhlachtaí stáit mar chuid de seo
  • Go gcuirfí foirmeacha an stáit ar fáil go dátheangach agus go mbeadh an ceart ag gach saoránach an leagan Gaeilge dá n-ainm agus dá seoladh baile a úsáid as Gaeilge

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge an-sásta ár moltaí, a thógann moltaí an Choimisinéara Teanga san áireamh, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a láidriú a chur os comhair an phobail inniu. Tá plé agus forbairt déanta ar na leasuithe don Acht le cúpla mí anuas le polaiteoirí agus tá nach mór an fhreasúra ar fad anois ag tacú leo. Ní amháin sin ach tá an tAire Seán Kyne ag obair go gníomhach linn agus leis an bhfreasúra chun go mbeidh na moltaí san áireamh sna ceannteidil do Bhille nua a fhoilseoidh an Rialtas i mí na Bealtaine”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha:

“Tá sé soiléir anois, i ndiaidh nach mór 15 bliain d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, go bhfuil gá leis an reachtaíocht a leasú chun feabhais. Tá codanna áirithe den Acht nach bhfuil ag feidhmiú i gceart agus tá míreanna eile nach bhfuil san áireamh san Acht. Tá na leasuithe seo á moladh ag Conradh na Gaeilge chun go mbeadh seirbhísí Gaeilge ón stát ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar féidir leo brath orthu, agus a thabharfadh spreagadh d’íomhá agus do stádas na Gaeilge sa mhórphobal trí chéile.

“Dar ndóigh, ní reachtaíocht amháin a chuirfidh le líon na gcainteoirí Gaeilge ach tá reachtaíocht mar chrann taca tacaíochta don phobal gur mian leo Gaeilge a úsáid. Chomh maith le reachtaíocht níos láidre, tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcónaí ar mhaoiniú breise a chinntiú ón dá Rialtas thuaidh agus theas don phlean infheistíochta arna aontú ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta, plean a chruthódh breis is 1,100 post agus a chuirfeadh an-chuid deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal trí chéile.”

Is iad na páirtithe agus na polaiteoirí atá ag tacú leis na leasuithe molta ag Conradh na Gaeilge a chur chun cinn cheana féin ná Fianna Fáil, Sinn Féin, Pobal roimh Bhrabús, Páirtí an Lucht Oibre, Comhghuaillíocht na Tuaithe, an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta, agus Catherine Connolly TD. Tá an Conradh ag obair go gníomhach le hAire na Gaeltachta, Seán Kyne TD, agus le Roinn na Gaeltachta leis na leasuithe molta a chur san áireamh sna ceannteidil atá an Roinn ag réiteach faoi láthair chomh maith.

Leasuithe arna mholadh ag Conradh na Gaeilge le háireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2017 ar fáil anseo

Eolas ón daonáireamh 2016 ar Líon na gCainteoirí Gaeilge:

Daonáireamh 2016 | Líon na gCainteoirí

Daonaireamh 2016 | Ó 1911 go 2016

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge