Skip to main content

Buaileann toscaireacht Chonradh na Gaeilge le Arlene Foster agus an DUP chun Acht Gaeilge a bhrú

Toscaireacht Chonradh na Gaeilge ag bualadh leis an Pháirtí Aontachtach DaonlathachDearbhaíonn an DUP go bhfuil siad ag amharc ar ábhar reachtaíochta agus i dtreo soláthar reachtaíochta a thabhairt isteach don Ghaeilge

Bhuail toscaireacht de chúigear ó Chonradh na Gaeilge le ceannaire an DUP Arlene Foster ag Stormont tráthnóna inniu (27 Aibreán 2017).

Mar chuid de thoscaireacht Chonradh na Gaeilge bhí; Dr Niall Comer (Uachtarán), Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí), Ciarán Mac Giolla Bhéin (Bainisteoir Abhcóideachta), Michaeline Donnelly (Craobh Phobal ar a’n Iúl) agus Dr Pádraig Ó Tiarnaigh (Feidhmeannach Cumarsáide).

Bhí Arlene Foster, Edwin Poots, David Graham and Chris Stalford i láthair thar cheann an pháirtí.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Bhí Conradh na Gaeilge sásta bualadh leis an DUP agus Arlene Foster inniu. Is cruinniú úsáideach a bhí againn inniu inar chuir muid ár moltaí maidir le hAcht Gaeilge os comhair an pháirtí; agus na costais a bhaineann leo, faoi mar atá sa phlé-cháipéis. Creidim go bhfuair muid éisteacht mhaith agus tá muid ag súil go dtacóidh an DUP leis an Acht Gaeilge i ndiaidh machnamh a dhéanamh ar an mhéid ar phléigh muid leo inniu. Tá pobal na Gaeilge ag fanacht ró-fhada leis an stát reachtaíocht a thabhairt isteach a dhéanfaidh cosaint ar na cearta daonna seo i leith na teanga; tá aimsir na gcruinnithe beagnach thart agus anois am don ghníomh.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Cheana féin, tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nua-thofa. Tá muid ag éilimh ar an DUP agus ar na páirtithe ar fad eile teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo atá déanta ag Conradh na Gaeilge, agus reachtaíocht cosanta agus forbartha don teanga a thabhairt isteach, de réir moltaí Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe, agus faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn.”

Tá cóip de phlé-cháipéis Chonradh na Gaeilge ar chostas an Acht le fáil anseo.

Tá cuireadh seolta fosta chuig ceannaire nua an UUP, Robin Swann, bualadh le Conradh na Gaeilge leis an chás seo a phlé.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Ó Tiarnaigh
Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht), Conradh na Gaeilge
00 44 28 90 315647 | 00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
 
Ciarán Mac Giolla Bhéin
Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge
00 44 28 90 315647 | 00 44 7545293841| Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.