Díomá gan iontas ar Chonradh na Gaeilge faoin gcéad laghdú i líon na gCainteoirí Gaeilge ó dheas ó 1946

Is léir nach bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain den Rialtas 2010-30 agus baineann cuid mhaith den fhreagracht seo le heaspa infheistíochta sa Straitéis ag Rialtas na hÉireann ó 2010

Cuireann na figiúir ón daonáireamh inniu díomá ar Chonradh na Gaeilge ach ní chuireann siad iontas ar an eagraíocht. Bhí titim de níos lú ná 1% ar an líon daoine le Gaeilge (ó 1,774,347 go 1,761,420), titim de 4% ar an líon cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais (ó 77,185 go 73,803), agus titim 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht (ó 23,175 go dtí 20,586). Dar ndóigh tá spriocanna leagtha amach sa Straitéis leis an líon cainteoirí a mhéadú agus léiríonn na figiúir inniu go bhfuil ag teip ar an straitéis sin.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is léir nach bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, go mbaineann cuid mhaith den fhreagracht seo le heaspa infheistíochta sa Straitéis ag Rialtas na hÉireann ó 2010, agus go bhfuil cruachás cruthaithe sa Ghaeltacht dá bharr. Nuair a thugann Rialtas faoi straitéis nua in aon earnáil eile, ar nós na straitéise um fhorbairt tuaithe le déanaí, déantar measúnú ar an maoiniú atá ag teastáil leis an straitéis a chur i bhfeidhm agus cuirtear buiséad breise ar fáil. Bhí an Straitéis 20 Bliain do Ghaeilge 2010-30 lochtach ón tús mar gheall nach ndearnadh sin. Ní amháin nach ndearnadh sin ach baineadh an-chuid maoinithe ón dá gníomhaire stáit leis an bhfreagracht is mó leis an straitéis a fheidhmiú (laghdaíodh buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ó 18 milliún in 2010 go €7 milliúin in 2016 agus laghdaíodh buiséad Fhoras na Gaeilge ó €18.2 milliúin in 2010 go €14.5 milliún in 2016).

Tá an Conradh ag éileamh ar an Rialtas an dúshlán léirithe i bhfigiúr an daonáirimh a fhreagairt láithreach bonn tríd an bplean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú. Tá móramh na dTeachtaí Dála reatha ar son na hinfheistíochta seo ar chur ar fáil cheana féin. Chuirfeadh an plean seo le líon na gcainteoirí a mhéadú agus chuirfeadh sé dlús le cur i bhfeidhm na Straitéise.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níor chóir dúinn a beith iomlán éadóchasach leis na torthaí inniu ón daonáireamh. Bhí méadú de 0.8% i líon na ndaoine ag úsáid na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais go seachtainiúil. Chomh maith leis sin, níor chóir dearmad a dhéanamh go bhfuil an céatadán de dhaoine le Gaeilge tar éis fás ó níos lú ná 20% den daonra 100 bliain ó shin go beagán níos lú 40% sa lá atá inniu ann. Tá bunús maith gur féidir tógáil air sa todhchaí ach gan an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar thosaíocht ag an Rialtas agus maoiniú a bheith ar fáil don phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta ní éireoidh linn dul i ngleic leis na fadhbanna atá ann faoi láthair sa Ghaeltachta agus lasmuigh di.

Tá Conradh na Gaeilge ag lorg cruinniú práinneach leis an Taoiseach, Enda Kenny, mar cathaoirleach ar an gcoiste Comh-Aireachta i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, le torthaí an daonáirimh a phlé agus le maoiniú don phlean infheistíochta a éileamh agus a aontú.

CRÍOCH

1911 go 2016 iomha

de reir aois

Gaeltacht

 

 

 

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge