Skip to main content

Bain Triail As Do Chuid Gaeilge Ar-Líne ar Lá na Meán Sóisialta 2017 #LNMS17

Lá na Meán Sóisialta 2017 #LNMS17Tá Lá na Meán Sóisialta ar siúl inniu (Déardaoin, 16 Márta 2017) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017.

Is í aidhm Lá na Meán Sóisialta úsáid na Gaeilge ar na meáin shóisialta a mhéadú thar cuimse sa dara lá deireanach de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 agus í ag druidim i dtreo cheiliúradh mór na Féile Pádraig. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag súil leis an oiread daoine, scoileanna, eagraíochtaí agus grúpaí agus is féidir a spreagadh chun Gaeilge agus an haischlib #LNMS17 a úsáid ar na meáin shóisialta ar an lá.

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Tá fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta agus pé Gaeilge atá acu a úsáid ar na meáin shóisialta ar an lá. Tá pobal bríomhar Gaeilge ar líne cheana féin agus táimid ag iarraidh é sin a thaispeáint don phobal níos leithne agus cabhrú le daoine tosú ag úsáid na Gaeilge ar na meán shóisialta inniu agus leanúint leis an nós tar éis na féile.”

Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta, beidh ócáid ar siúl do dhaltaí meánscoile in oifigí Facebook i mBaile Átha Cliath. Beidh beirt ambasadóirí de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2017 i láthair; beidh Miriam O’Callaghan ina bean an tí, agus beidh Mícheál Ó Ciaraidh ar an bpainéal cainteoirí in éineacht le Cara Nig Fhearraigh ó Facebook, Cormac Breathnach ón bhFoclóir Nua, Niamh Ní Chróinín ó Raidió Rí-Rá agus Edel Ní Bhraonáin ó CLG Na Gaeil Óga.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Tá obair na gcapall déanta ag Facebook agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile leis an teanga a chur chun cinn agus bíonn na mílte ag baint úsáide as a gcuid Gaeilge ar na meáin shóisialta. Táimid an-sásta a bheith a ceiliúradh Lá na Meán Sóisialta i gcomhar le Facebook agus a bheith ag caint le daoine óga faoi na deiseanna agus forbairtí sa Ghaeilge ar líne.”

Is féidir páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta trí phostáil as Gaeilge ar leithéidí Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat agus an haischlib #LNMS17 a úsáid.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.