Costas Acht Gaeilge ó thuaidh ag £2 mhilliún sa bhliain dar le Plé-Cháipéis Acht Gaeilge atá seolta ag Conradh na Gaeilge

Plé-Cháipéis ar Acht Gaeilge ó Thuaidh£9 milliún de chostas breise aon uaire thar cúig bliana de dhíth chun an bun-infreastruchtúr a chruthú don reachtaíocht

Tá pdfplé-cháipéis seolta ag an eagraíocht Gaeilge Conradh na Gaeilge a dhéanann cur síos ar an chostas a bheadh le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Luaitear sa cháipéis briseadh síos ar na rannóga difriúla a bheadh i gceist le hacht teanga, mar aon le míniúchán ar na rannóga sin, agus moltaí praiticiúla inoibrithe chun iad a chur i bhfeidhm.

Moltar go mbeadh 11 rannóg mar chuid d’aon Acht Gaeilge, agus forálacha luaite a bhaineann le Stádas Oifigiúil don Ghaeilge; an Ghaeilge sa Tionóil, sna Rialtais Áitiúla; an teanga agus an BBC; an Ghaeilge san earnáil Oideachais mar aon le ról an Choimisinéara Teanga agus cúrsaí Logainmneacha.

Déantar briseadh síos ar an chostas iomlán in dá chuid;

  • · costais aon uaire chun an tAcht Ghaeilge a thabhairt isteach - £8.5 - £9 milliún thar 5 bliana
  • · costas rialta bliana – £2mhilliún sa bhliain
  • · Is costas é sin de £19milliún thar saolré 5 bliana d’Fheidhmeannas - £3.8 milliún sa bhliain

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá súil againn go gcuirfidh an phlé-cháipéis seo daoine ar an eolas maidir le hAcht Gaeilge; cad é atá ann; cad iad na hathruithe atá i gceist; cad chuige a bhfuil forálacha faoi leith de dhíth agus na dóigheanna is fearr chun iad a chur i bhfeidhm. Cheana féin, tá cúig pháirtí ag tacú leis an éileamh ar son reachtaíocht Gaeilge i bhfoirm Achta, mar aon le 50 as 90 CTR nua-thofa. Tá muid ag éilimh ar na páirtithe ar fad teacht le chéile agus tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo, agus reachtaíocht cosanta agus forbartha don teanga a thabhairt isteach, de réir moltaí Chomhairle na hEorpa, na Náisiún Aontaithe, agus faoi mar a gealladh breis agus deich mbliana ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge:

“Tá ceist an Achta ar chlár oibre na bpáirtithe le linn na gcomh-cháinteanna faoi láthair. Tá muid muiníneach gur féidir linn an dúshlán seo a shárú agus na cearta atá de dhíth ar phobal na Gaeilge a bhaint amach faoi dheireadh. Leis an cháipéis seo creideann muid go bhfuil creatlach atá réadúil agus in-bhainte amach againn, a dhéanann freastail ar bhun-ionchais dhlisteanacha phobal na Gaeilge.

“Tugann na figiúir seo dúshlán láidir de go leor de na figiúir atá curtha chun cinn sna meáin ag páirtithe áirithe ar na mallaibh. Dár leis an taighde atá déanta againn, is costas bliana de £2mhilliún agus costais aon uaire de £9milliún thar cúig bliana, figiúir ar geall le £3.8milliún sa bhliain thar an chéad 5 bliana, a bheadh i gceist. Creideann muid gur figiúir réasúnta iad atá bunaithe ar mholtaí praiticiúla, go háirithe má chuirtear Acht Gaeilge i bhfeidhm mar is ceart, leis an chur chuige agus an toil chuí. Níos tábhachtaí arís, is infheistiú san eacnamaíocht agus sa phobal ó thuaidh a bheadh ann agus meastar go mbeadh £8milliún sa bhreis d’ioncam don gheilleagar ó thuaidh go bliantúil má chomhlíonfar dualgais an BBC do chraolacháin Ghaeilge.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge