Skip to main content

Fáilte Roimh Fhochoiste Dála Um Mheasúnú Ar An Straitéis 20 Bliain

Creideann Conradh na Gaeilge gur céim mhór chun tosaigh í bunú an fhochoiste den Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a fógraíodh inné (Dé Céadaoin, 01 Bealtaine 2013) le measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Fáiltíonn Conradh na Gaeilge go croíúil roimh an fochoiste nuabhunaithe seo agus creideann gur mór an chéim chun cinn í go mbeidh ionstraim éigin den daonlathas ann chun measúnú a dhéanamh ar dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. Beidh le feiceáil cén saghas gaol nó glacadh ar mholtaí a eascróidh ón bhfochoiste a bheidh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis."

Bhí sé mar mholadh ag eascairt ó chruinniú pobail a d'eagraigh Conradh na Gaeilge san Óstán Pháirc Mhionlaigh, Gaillimh le todhchaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a phlé ar an Aoine, 01 Feabhra 2013, go mba chóir fochoiste den Chomhchoiste Dála ar chúrsaí Gaeltachta a bhunú le plé le cur i bhfeidhm na Straitéise go leanúnach; thacaigh 65 eagras Gaeilge agus Gaeltachta leis na moltaí a d'eascair ón gcruinniú úd.

Lean Ó hAodha: "Tá ceisteanna crua le cur ar An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus ar An Roinn Oideachais agus Scileanna, maidir leis an lagú atá déanta ar institiúidí agus ar bhonneagar na Gaeilge agus na Gaeltachta le dhá bhliain anuas, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtógfar na hairí cuí os comhair an fhochoiste nua seo leis na ceisteanna práinneacha, tábhachtacha sin a fhreagairt."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá deis an-mhaith ag an bhfochoiste seo éisteacht leis na geallsealbhóirí ar fad go mba chóir go mbeadh ionchur acu ins An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 agus, mar a rinneadh mar chuid den chomhairliúchán ar an Straitéis roimhe seo, b'fhiú don fhochoiste éisteacht a chur ar bun sa Ghaeltacht chomh maith."

Tarlaíonn sé in earnálacha éagsúla go n-aithnítear na geallsealbhóirí agus go mbíonn ionadaíocht acu ag an mbord a ghlacann na cinntí móra, agus bhí an t-aitheantas agus an ionadaíocht chéanna á lorg ag an ionadaíocht láidir ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí i láthair ag cruinniú Chonradh na Gaeilge i nGaillimh níos luaithe i mbliana.

Arsa de Spáinn: "Sa bhreis ar an moladh chun fochoiste den Chomhchoiste Dála a bhunú, bhí sé mar phríomhsprioc ag an gcruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta mar ábhar práinne, chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. Is cúis mhór dhíomá do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an Taoiseach, ag an Tánaiste ná ag an Roinn ar an gceist seo ó shin."

"Is mór an difear atá idir measúnú ó fhochoiste Dála agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go gcuirfí Aonad Pleanála ar bun le cinntiú go mbeidh seilbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le chéile agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach, éifeachtúil i gceist ón mbun aníos. Thiocfadh leis an Aonad Pleanála teacht roimh fhadhbanna trí aontas a fháil ar cheisteanna móra a bheidh tionchar acu ar an bpobal, áit a chuirfeadh na coistí idir-rannacha tuairiscí os comhair an Aonaid Phleanála agus dhéanfaí moltaí ansin, a bheadh molta don Aire Gaeltachta le glacadh nó le diúltú leo. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,

Uachtarán, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;

2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;

3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;

4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;

5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.