Skip to main content

Seachtain na Gaeilge le Energia i dTeach Laighean & in Stormont

Seachtain na Gaeilge le Energia in Stormont agus i dTeach LaigheanBeidh Seachtain na Gaeilge le Energia á ceiliúradh i dTeach Laighean agus in Stormont inniu (Dé Máirt, 7 Márta 2017). Sa Dáil, reáchtálfar an tOrd Gnó agus Ceisteanna na gCinnirí as Gaeilge agus cuirfear ceisteanna ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD. In Stormont, seolfar an leabhrán Ár dTeanga Roinnte de chuid Chonradh na Gaeilge.

Arsa Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge:

“Tá sé suntasach go bhfuil Seachtain na Gaeilge le Energia á ceiliúradh i dTeach Laighean agus in Stormont mar léiríonn sé don phobal go bhfuil ról lárnach le himirt ag an nGaeilge san ionadaíocht phoiblí. Tugann rannpháirtíocht Theach Laighean agus Stormont aitheantas don fhéile freisin.”

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia i dTeach Laighean, beidh daltaí ó Ghaelcholáiste Choilm i gCorcaigh, Pobalscoil Chloich Cheannfhaola i nDún na nGall agus Coláiste an Eachréidh i nGaillimh ag glacadh páirte i gComhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán; craolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta Nuacht a hAon beo ó Theach Laighean agus labhróidh Colm Ó Broin faoi ‘fhíricí ailtéarnacha' maidir leis an nGaeilge sna meáin agus sa sochaí ag cur i láthair Mythbusting.

Seolfar an leabhrán Ár dTeanga Roinnte: Bunús, Éabhlóid agus Forbairt na Gaeilge sa Teach Gloine ar Eastát Stormont anocht (Dé Máirt, 7 Márta 2017) ag 7.30in. Beidh Máirtín Ó Muilleoir agus Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, mar aoi-chainteoirí ar an oíche. Beidh sólaistí ar fáil agus beidh ceol ó Choláiste Phádraig, Machaire Rátha. Tá an tionscadal Ár dTeanga Roinnte á mhaoiniú faoin Lárchiste Dea-chaidreamh ag Oifig an Fheidhmeannais.

Beidh Seachtain na Gaeilge le Energia ar ais in Stormont Dé Máirt, 14 Márta 2017. Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge cur i láthair trasphobail ar Ár dTeanga Roinnte le scoileanna éagsúla ó thuaidh sa Ghailearaí Fada ag 10rn. Beidh Barra Best ó BBC Uladh ina fhear an tí, beidh Máirtín Ó Muilleoir ina aoi-chainteoir agus beidh ceol ó JJ Ó Dochartaigh.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.