Chinn an Breitheamh Maguire gur “theip” ar an Fheidhmeannas ó thuaidh a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh faoi mar a aontaíodh
D’fhógair an Breitheamh Maguire a chinneadh stairiúil inniu (3 Márta 2017) in Ard-Chúirt Bhéal Feirste ar Athbhreithniú Breithiúnach a ghlac Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015-35) faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rimhinn (2006) agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannas 2011-2015.
Sheol an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035 ar 30 Eanáir 2015 ach níor ghlac an Feidhmeannas leis an Straitéis go hoifigiúil faoi mar a aontaíodh ina gClár Rialtais féin 2011-15, de réir na ndualgas reachtúil atá orthu. Fuair Conradh na Gaeilge ‘Cead na Cúirte’ ag tús mhí na Bealtaine 2016 agus bhí éisteacht iomlán ann don chás san Ard-Chúirt i mBéal Feirste 8 Feabhra 2017.
Chinn an Breitheamh fosta gur theip ar an Fheidhmeannais alt 28d d’Acht TÉ 1998 a chur i bhfeidhm.
Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dr Niall Comer:
“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte ollmhór roimh an chinneadh stairiúil seo san Ard-Chúirt inniu, cinneadh a léiríonn gur féidir linn cásanna faoin Ghaeilge a bhaint ó thuaidh. Chreid Conradh na Gaeilge riamh nach raibh gá leis an chás seo, go raibh na dualgais ar an Fheidhmeannas rí-shoiléir ón tús, dualgais a d’eascair ó Chomhaontú Cill Rímhinn. Seachas a chuid dualgais a chur i bhfeidhm le deich mbliana anuas, chuir páirtithe áirithe i gcoinne Straitéis forbartha don teanga. Ciallaíonn an cinneadh inniu, áfach, go gcaithfí deireadh a chur leis an mhoill agus leis an chur i gcéill.”
Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Ar bhealach amháin is cás iontach simplí é seo. Tá dualgas reachtúil ar an Fheidhmeannas Straitéis a chur i bhfeidhm maidir le forbairt agus cosaint don Ghaeilge; ní raibh seo déanta acu agus ní féidir leo a mhalairt a mhaíomh a thuilleadh. Tá géarghá le straitéis a chur i bhfeidhm gan mhoill, bunaithe ar chinneadh an Breithimh inniu. Neartóidh an Straitéis an fhorbairt phobal-bhunaithe ó thuaidh trí acmhainní agus infreastruchtúr an stáit a sholáthar do phobal na Gaeilge. Tá muid ag caint anseo ar rudaí simplí bunúsacha anseo, a bhaineann le páistí, an Ghaeilge sa bhaile, infheictheacht na teanga srl; rudaí a mbeidh tionchar sodhearfa soiléirithe acu do daoine sin ar suim leo a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. “
“Tá dualgas ar an Fheidhmeannas Straitéis agus Acht a chur i bhfeidhm ó thuaidh. Ba bhunchloch den phróiseas síochána iad na gealltanais seo i leith na Gaeilge agus muid i dtréimhse dhoiléir ó thaobh thodhchaí an Fheidheamannais ó thuaidh, tá freagrach breise ar an stát cinntiú go bhfuil cosaint agus cearta ag pobal na Gaeilge. Áitíonn muid gurb é an t-aon dóigh le straitéisí agus forbairtí mar seo a bhuanú ná trí reachtaíocht cosanta Gaeilge a thabhairt isteach i bhfoirm Achta.”
Tá ard-mholadh ag dul dár bhfoireann dlí, ár ndlíodóir Mícheál Ó Flannagáin ach go háirithe, mar aon leis an tacaíocht a thug PILS don chás fosta.
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is féidir teacht ar chóip den Straitéis Ghaeilge mar aon le tuairisc na Roinne CEF Bliain ar aghaidh na Straitéise anseo:
www.dcalni.gov.uk/publications/irish-language-strategy-2015-2035
Is féidir ráitis nuachta a chuir Conradh na Gaeilge amach maidir leis an chás roimhe seo a léamh anseo:
Cead Cúirte á lorg (4/4/2016): http://bit.ly/27QPmhS
Éisteacht iomlán san Ard-Chúirt (8/2/2017): http://bit.ly/2mdGyTJ