Skip to main content

Tromlach na bPáirtithe Ó Thuaidh ag Tacú le hAcht Gaeilge

#GaelVóta #AE17Éilimh #Gaelvóta #AE17 seolta ag Conradh na Gaeilge, deis ann athrú reachtaíochta a bhaint amach ar deireadh

Tá níos mó tacaíochta polaitíochta ná riamh ann d’Acht Gaeilge ó thuaidh agus an toghchán Tionóil le teacht ar 2 Márta 2017. Tá tromlach na bpáirtithe den Tionól – 7 bpáirtí san iomlán – ag tacú go sonrach le reachtaíocht chosanta don Ghaeilge, agus tá eolas ar sheasamh gach iarrthóra ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ag www.cnag.ie/gaelvota. Tá athrú mór tagtha ar pholasaithe roinnt de na páirtithe úd maidir leis an Acht le tamall gairid anuas agus iad anois ag tacú leis an chás do reachtaíocht cheartbhunaithe do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Tá trí mhóréileamh phobal na Gaeilge mar bhunús an fheachtais #GaelVóta, agus béim faoi leith le linn an toghcháin seo ar Acht Gaeilge a thabhairt isteach mar chuid de na héilimh sin:

  1. Go ndéanfaí Acht Gaeilge a dheimhniú sula mbeifí páirteach in aon Fheidhmeannas ó thuaidh, agus / nó go dtacófaí le hAcht Gaeilge mar thosaíocht reachtúil don Tionól;
  2. Go ndéanfaí an maoiniú cuí i bplean infheistíochta phobal na Gaeilge; agus
  3. Go gceapfaí Aire Pobail agus Aire Oideachais a bheadh toilteanach mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn líon agus réimse na bpáirtithe ag tacú le hAcht Gaeilge an tacaíocht leathan atá ann don reachtaíocht teanga. Níl i gceist leis seo ach an chéad chéim áfach - ní gealltanas gan chur i bhfeidhm. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach iarrthóir den Tionól a chinntiú go mbeidh na gealltanais atá déanta acu agus a bpáirtithe ar son na teanga lárnach in aon chlár oibre a shocrófar don chéad Tionól eile.”

Dúirt Dr Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

“Tá ceist na reachtaíochta Gaeilge tógtha anois ag Rialtas na hÉireann le Rialtas na Breataine; tá tacaíocht leathan pholaitiúil agus phobail ann dó ó thuaidh; agus tá coistí idirnáisiúnta ó na Náisiúin Aontaithe go Comhairle na hEorpa ag éileamh ar Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm, faoi mar a gheall siad i gCill Rimhínn 2006.

“Tá deis ollmhór stairiúil againn anseo anois Acht Gaeilge a bhaint amach do phobal na teanga ó thuaidh ó tharlaíonn an tacaíocht leathan agus ceist na teanga a bheith i lár an dioscúrsa pholaitiúil. Léirigh na hionsaithe ar Ghaelscoileanna agus ar tograí pobail Gaeilge le déanaí an géarghá atá ann le haghaidh reachtaíochta a dhéanfadh cosaint ar an athbheochan pobal-bhunaithe.”

Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ag teacht i gcionn a chéile i nGaillimh an deireadh seachtaine seo (24 - 26 Feabhra 2017), agus beidh ceist an Achta Gaeilge, mar aon leis na héilimh eile, go mór chun tosaigh le linn na hócáide.

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge trí chéile ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter. Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir toghcháin ó thuaidh a thug tacaíocht oifigiúil do thrí mhóréileamh phobal na Gaeilge go dtí seo foilsithe ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie/gaelvota mar chuid den fheachtas #GaelVóta.

3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge ó thuaidh:

  1. Go ndéanfaí Acht Gaeilge a dheimhniú sula mbeifí páirteach in aon Fheidhmeannas ó thuaidh;
  2. Go ndéanfaí an maoiniú cuí i bplean infheistíochta phobal na Gaeilge; agus
  3. Go gceapfaí Aire Pobail agus Aire Oideachais a bheadh toilteanach mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh.

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

plean infheistíochta uile-Éireann aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/beartaionadaiochta

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.