Skip to main content

Réaltaí Móra I Láthair le Seachtain na Gaeilge le Energia A Sheoladh

Seachtain na Gaeilge le EnergiaBhí Miriam O’ Callaghan, Art Parkinson agus Mícheál Ó Ciaraidh i láthair le hEoghan McDermott leis an bhféile domhanda Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh go hoifigiúil do na meáin i gceannceathrú idirnáisiúnta Facebook i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu (Déardaoin, 9 Feabhra 2017).

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ar cheann de na féilte is mó in Éirinn agus reáchtáiltear í ar fud na cruinne gach bliain ó 1 - 17 Márta. Ghlac beagnach milliún duine ó 13 thír éagsúla páirt san fhéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge anuraidh.

Tá lucht na féile ag obair i dtreo rannpháirtíocht na bliana seo caite a shárú leis na mílte imeacht atá beartaithe do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana, rogha díobh seo atá le feiceáil ar www.peig.ie.

Deir Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Is cúis ríméid dúinn go bhfuil comhlacht chomh clúiteach le Energia ag obair linn i mbliana agus is iontach an rud é go bhfuil a gcuid seirbhísí Gaeilge á leathnú acu. Tá an Ghaeilge faoi bhláth ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta le blianta beaga anuas, mar sin luigh sé le ciall go reáchtálfaí an seoladh do na meáin i gCeanncheathrú Idirnáisiúnta Facebook i mBaile Átha Cliath i mbliana. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ag fás bliain i ndiaidh bliana, agus bhí ról lárnach ag na meáin shóisialta ag spreagadh daoine chun páirt a ghlacadh san fhéile agus eolas faoi imeachtaí a roinnt le tamall de bhlianta.”

Arsa Niamh Sweeney, Ceannasaí Beartais Phoiblí Facebook:

“Is iontach an rud é Seachtain na Gaeilge a fheiceáil ag dul ó neart go neart gach bliain. Anseo in Facebook, bíonn muid ag obair go dian le cultúir éagsúla a chur chun cinn agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an ilchineálacht, agus is cuid ríthábhachtach dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht í an Ghaeilge. Sin an chúis go bhfuil ríméad orainn seoladh Sheachtain na Gaeilge le Energia a óstáil i gCeanncheathrú Idirnáisiúnta Facebook i mBaile Átha Cliath inniu.

“Tá Facebook ar fáil do dhaoine le húsáid as Gaeilge agus táimid ag iarraidh daoine a spreagadh leis an bpróifíl acu a athrú go Gaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge, agus b’fhéidir ina diaidh fiú. Is bealach éasca é do dhaoine nascadh le chéile trí mheán na Gaeilge agus an teanga a roinnt le cairde agus le gaolta, in Éirinn agus ar fud an domhain araon. Táim ag tnúth le cairde liom a fheiceáil ag baint leasa as an gcúpla focal agus grianghraif, físeáin agus teachtaireachtaí á roinnt acu.”

Deir Gary Ryan, Stiúrthóir Bainistíochta Mhiondíol Energia:

“Tá lúcháir ar Energia an deis a thapú tacú le Seachtain na Gaeilge. Táimid an-bhródúil as ár n-oidhreacht Éireannach mar ghineadóir agus mar sholáthraí fuinnimh do bhailte agus do ghnólachtaí fud fad oileán na hÉireann, mar sin déanann sé an-chiall dúinn an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Is mór againn daoine a spreagadh le cinntí ciallmhara a dhéanamh, agus tá súil againn go gcinnfidh daoine pé Gaeilge atá acu a úsáid le linn Sheachtain na Gaeilge 2017.”

ÍOMHÁNNA AR FÁIL Ó:

Robbie Reynolds Photography
00 353 (0)86 3836212 | www.robbiereynoldsphotography.ie
trí
Conor McCabe Photography
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)85 705 7255 | www.conormccabe.ie

FRIOTAIL Ó NA hAMBASSADÓIRÍ:

Art Parkinson: “Déanaim mo chuid staidéar trí mheán na Gaeilge agus bím ag foghlaim trí Ghaeilge fud fad an domhain agus scannáin á dtaifeadadh agam. Táim an-mhórtasach as ár dteanga dúchais agus bím iontach bródúil í a labhairt ó lá go lá. Molaim duit imeacht a eagrú le linn Sheachtain na Gaeilge chun spraoi a bhaint as an teanga!”

Miriam O’ Callaghan: “Táim ag súil go mór le bheith mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Is deis iontach é seo dom chun níos mó Gaeilge a úsáid ó lá go lá, i measc mo chlann, mo theaghlaigh & mo chomhghleacaithe! Bain triail as do chuid Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge!”

Mícheál Ó Ciaraidh: “Iarraim oraibh na meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge 2017 ach go háirithe ar 16 Márta 2017 mar chuid de Lá na Meán Sóisialta. Is féidir Facebook, Gmail & Twitter a úsáid as Gaeilge nó is féidir teachtaireachtaí as Gaeilge a scríobh ar do chuid grianghraf ar Snapchat!”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.