Skip to main content

Scoláirí Ar Fud na Tíre Á Spreagadh chun na Gaeilge le #Dúshlán

#Dúshlán 2017Níl ach cúpla lá fágtha le clárú do chomórtas Chonradh na Gaeilge

Beidh na céadta daltaí meánscoile agus mic léinn ollscoile ag dul in iomaíocht chun an teideal don fhoireann is Gaelaí sa tír a thuilleadh, agus deis acu iPad mini an duine a bhuachan le comórtas #Dúshlán na bliana seo. Mairfidh #Dúshlán 2017 50 uair ó 2.00in Dé Máirt, 31 Eanáir - 4.00in, Déardaoin, 2 Feabhra i mbliana, agus tá go dtí an Aoine bheag seo (27 Eanáir 2017) ag mic léinn dara agus tríú leibhéal foireann de thriúr a chlárú don chomórtas náisiúnta seo ag www.cnag.ie/dushlan

Eagraíonn Conradh na Gaeilge #Dúshlán gach bliain le daoine óga a spreagadh i mbun feachtasaíochta ar son na Gaeilge ar bhealach spraíúil ina gceantar féin.

Roinntear an #Dúshlán ar son na Gaeilge i gcatagóirí éagsúla - ó na meáin shóisialta agus go seirbhísí stáit - agus bíonn ar na rannpháirithe 50 tasc a bhaint amach thar tréimhse 50 uair a’chloig, ag bailiú pointí de réir mar a chomhlíonann siad na gníomhartha sin.

Deir Narrell Ní Bhroin, Múinteoir Gaeilge i gColáiste Pobail Osraí:

“Molaim do gach scoil leas a bhaint as an gcomórtas seo - caoga uair craiceáilte ar son na Gaeilge! Bíonn an iomaíocht thar barr agus atmaisféar leictreach ar fud na scoile. Déanann na daltaí ar fad éacht ina gcuid iarrachtaí don #Dúshlán.”

Arsa Laoise Níc Chonchoille, dalta ó Choláiste Pobail Osraí a bhuaigh #Dúshlán anuraidh:

“Píosa craice is ea #Dúshlán, bhain mé an-taitneamh as an rí-rá agus as an ruaille buaille! Bhíomar faoi bhrú ag rith timpeall na cathrach ach bhí sé ar feabhas.”

Arsa Maria Schäler, Comhordaitheoir na Mac Léinn Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus Comheagraí #Dúshlán 2017:

“Ghlac mé féin páirt i #Dúshlán agus mé i m’iníon léinn, agus níor bhain mé an méid taitneamh céanna as an bhfeachtasaíocht riamh! Sin an tábhacht a bhaineann le #Dúshlán - spreagann sé daoine óga, ní hamháin chun an Ghaeilge a labhairt, ach chun í a chur chun cinn ar bhealach éifeachtach ina bpobal féin.

“Ghlac na céadta daoine páirt sa chomórtas #Dúshlán an bhliain seo chaite agus táimid ag siúl go dtiocfaidh fás ar an líon sin arís i mbliana.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.