Skip to main content

Molann Uachtarán na hÉireann oibrithe deonacha Duolingo atá tar éis 2.3 milliún duine a mhealladh chun na Gaeilge

CnaG DuolingoCuirfidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, fáilte roimh an seachtar rannchuiditheoirí a chruthaigh agus a d’aistrigh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo, in Áras an Uachtaráin inniu (Dé hAoine, 25 Samhain 2016). Tá imeacht speisialta á reáchtáil san Áras le haitheantas a thabhairt dóibh as an méid atá bainte amach acu don Ghaeilge. 

Ó cuireadh an cúrsa Gaeilge ar fáil breis agus dhá bhliain ó shin, tá 2.3 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as Duolingo le Gaeilge a fhoghlaim. Mar thoradh air seo, tá an Ghaeilge i measc na ndeich dteanga is mó tóir ar Duolingo, le formhór na bhfoghlaimeoirí nua lonnaithe sna Stáit Aontaithe.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge comhghairdeas a ghabháil leis an seachtar rannchuiditheoirí as ucht an ghaisce éachtaigh seo a bhaint amach. De bharr a gcuid oibre, tá 2.3 milliún duine ag foghlaim na Gaeilge le dhá bhliain anuas; is toradh dochreidte é seo. Is féidir dea-thionchar an chúrsa Gaeilge a fheiceáil leis an ardú spéise inár gcuid oibre agus sinn ag cur na Gaeilge chun cinn in Éirinn agus thar lear. A bhuíochas leis an gcomhoibriú idir na rannchuiditheoirí agus Duolingo, tá sé níos éasca agus níos spraíúla ná riamh an Ghaeilge a fhoghlaim.”

Deir Oisín Ó Doinn, Scoláire de chuid na Comhairle um Thaighde in Éirinn agus rannchuiditheoir le cúrsa Gaeilge Duolingo:

“Is ardú meanma é domsa an oiread seo daoine a fheiceáil ag baint tairbhe as cúrsa Gaeilge saor in aisce agus mé ag obair air le dhá bhliain go leith anuas. Is fiú go mór an obair dhian, dhícheallach atá á déanamh againn nuair a fheictear an t-éileamh idirnáisiúnta atá ar an gcúrsa agus go bhfuil 3,000 duine nua á úsáid in aghaidh an lae.”

Dúirt Gina Gotthilf, Leas Uachtarán Um Fhorbairt Duolingo:

“Ó bhunaíomar Duolingo ceithre bliana ó shin, tá 87 cúrsa seolta againn le hoideachas a sholáthar saor in aisce do bhreis agus 150 milliún foghlaimeoir. Táimid bródúil as obair na rannchuiditheoirí a chruthaigh an cúrsa Gaeilge, agus ríméadach le bheith páirteach in athbheochan na teanga áille seo, agus ag cuidiú le pobail labhartha nua a chruthú don 21ú aois.”

Beidh idir ionadaithe ó Duolingo, ó Chonradh na Gaeilge agus rannchuiditheoirí an chúrsa i láthair ag an bhfáiltiú in Áras an Uachtaráin ar maidin le bualadh le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus le labhairt leis faoin gcur chun cinn atá idir lámha acu ar son na Gaeilge. Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús le scéim gradam faoi leith chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn acu i 2017.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

  1. Tá 2.3 milliún duine ag baint úsáide as cúrsa Gaeilge Duolingo faoi láthair (25 Samhain 2016).
  2. Tá an Ghaeilge ar cheann de na 10 dteanga is mó tóir ar Duolingo fud fad an domhain.
  3. Cuireadh tús leis an gcúrsa Gaeilge ar Duolingo dhá bhliain ó shin buíochas le seachtar rannchuiditheoirí mar aon le tacaíocht ó fhoireann Duolingo.
  4. Is as na Stáit Aontaithe do 53% de na foghlaimeoirí, 23% as Éirinn, 10% as an Ríocht Aontaithe agus 5% ó Cheanada.
  5. Tá Duolingo ar an bhfód le ceithre bliana anuas & tá 150 milliún duine tar éis úsáid a bhaint as cuid den 87 cúrsa atá acu.
  6. Fógraíodh an cúrsa Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig 2014 agus seoladh go beta é ar 25 Lúnasa 2014.
  7. Ainmníodh Duolingo mar Aip na Bliana ag Apple in 2013 agus í mar an aip oideachasúil is mó íoslódáilte ar Google Play i 2013 agus 2014.
  8. De réir taighde a rinne Ollscoil Chathair Nua Eabhrac, is ionann 34 uair ar Duolingo agus seimeastar d’oideachas teanga.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.