Skip to main content

Moladh tuillte ag an Rialtas as Polasaí Oideachas Gaeltachta a sheoladh inniu

Acmhainní geallta lena chur i bhfeidhm, ag tosú le €1 mhilliún i 2017, ag ardú go €7 milliún de réir a chéile­

Moladh ag dul don phobal Gaeltachta & Gaeilge, don Roinn Oideachais & Scileannna agus do Roinn na Gaeltachta as an bpróiseas fiúntach, torthúil a leanadh le chéile leis an bpolasaí a réiteach – Conradh na Gaeilge

Polasaí Oideachas GaeltachtaFáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an bPolasaí Oideachas Gaeltachta 2017 - 2022 a sheol an Taoiseach Enda Kenny TD, an tAire Oideachais Richard Bruton TD, agus an tAire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne TD ar an gCeathrú Rua inniu (28 Deireadh Fómhair 2016), agus molann an Rialtas as aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na riachtanais ar leith atá ag scoileanna Gaeltachta agus ag daltaí ar chainteoirí dúchais Gaeilge iad.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tugann Conradh na Gaeilge aitheantas don Rialtas nuair atá an t-aitheantas sin tuillte, agus fáiltíonn muid go croíúil roimh an bpolasaí um oideachas Gaeltachta, a bhfuil géarghá leis, le tacú le pobal na Gaeltachta ar fud na tíre.

“Tá moladh ag dul don Rialtas as an bpolasaí uileghabhálach seo a fhoilsiú, agus don phobal ar fad a ghlac páirt sa chomhairliúchán cuimsitheach a reáchtáil an Roinn Oideachais agus Scileanna mar chuid den phróiseas seo, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di araon.”

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge go háirithe roimh an bPróiseas Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a shainíonn go mbeidh ar scoileanna feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta, agus go gcuirfear tacaíochtaí ar fáil leis an sprioc sin a bhaint amach.

Fáiltíonn an Conradh freisin roimh an rochtain ar dheiseanna forbartha gairmiúla tiomnaithe a chuirfear ar fáil do mhúinteoirí, do phríomhoidí, agus do chúntóirí teanga chun tacú le cur i bhfeidhm an pholasaí agus a bheidh á maoirsiú ag  an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Molann muid Polasaí Oideachas Gaeltachta an Rialtais go mór. Tá an polasaí cuimsitheach agus uaillmhianach. Táimid ag súil go gcuirfear é i bhfeidhm gan mhoill, agus cuireann muid fáilte roimh na hacmhainní chuige sin a fógraíodh inniu, ag tosú le €1 mhilliún in 2017 agus ag fás go €7 milliún de réir a chéile.

“Tá cúpla ábhar ag seasamh amach go fóill, agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu, mar shampla earcú múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta ó phainéal sainiúil de dhaoine inniúil ar an nGaeilge. Níor glacadh leis an moladh seo sa pholasaí a foilsíodh inniu, in ainneoin go raibh An Foras Pátrúnachta fiú sásta painéal a chur ar fáil chuige seo. Is gá na nithe­­­ seo atá ag seasamh amach a chur san áireamh sa chur chuige feidhmithe den pholasaí atá os ár gcomhair.”

Mar a luaigh Eoin Mac Néill féin, ní sna scoileanna amháin a dhéanfar an Ghaeilge a thabhairt slán, ach trí dheiseanna a thabhairt do dhaoine an teanga a úsáid lasmuigh den chóras oideachais chomh maith. Ní mór don Rialtas na hacmhainní chuig soláthar na ndeiseanna seo a chur ar fáil freisin trí phlean infheistíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhaoiniú mar is ceart, rud nach ndearna siad sa cháinaisnéis a fógraíodh le déanaí. Chinnteodh sé seo go mbeadh tacaíocht ann i measc an phobail don obair iontach tábhachtach a bheidh ar siúl sna scoileanna Gaeltachta leis an bPolasaí Oideachas Gaeltachta nua a chur i bhfeidhm.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.