Skip to main content

170 Uair a’Chloig Cainte Bainte ag #Comhrá16

Iarracht ar churiarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide riamh tagtha chun críche i nGaeltacht na Gaillimhe

#Comhrá16Mar chuid den churiarracht domhanda #Comhrá16 a tháinig chun críche i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, ar 3.00in inniu (Dé Máirt, 18 Deireadh Fómhair 2016), d’éirigh le grúpaí pobail ar chúig mhór-roinn na cruinne 170 uair a’chloig cainte as Gaeilge a chur díobh i gcomhar le Conradh na Gaeilge.

Cuireadh tús le curiarracht domhanda as an gcomhrá Gaeilge is faide riamh ag meánlae Dé Máirt seo caite (11 Deireadh Fómhair 2016), agus ghlac breis ‘s 1,050 duine ó 80 grúpa i ndeich dtír éagsúla páirt sa chaint #Comhrá16 i gcaitheamh na seachtaine.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá moladh mór ag dul do gach aon duine a ghlac páirt sa chomhrá agus a chabhraigh leis an gcuriarracht domhanda #Comhrá16 a bhaint amach. Nascann teanga daoine le chéile agus le #Comhrá16, nascadh grúpaí ó na ceithre hairde in Éirinn agus thar sáile le chéile chun tabhairt faoin dúshlán seo. Ní neart go cur le chéile.”

Bhí grúpaí ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh, ó Mheiriceá Theas, agus ón Astráil ag caint ‘s ag comhrá lena chéile ar-líne mar chuid den churiarracht #Comhrá16 arna eagrú ag an gConradh, áit go raibh an comhrá Gaeilge gan stad á shruthú beo ar www.snag.ie ar feadh na seachtaine.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Bhí idir shult, spraoi, agus ardú meanman i gceist le #Comhrá16, agus tá an-áthas orainn gur éirigh leis an oiread sin grúpaí idirnáisiúnta ar chúig mhór-roinn éagsúla páirt a ghlacadh i gcuriarracht Ghaeilge na bliana seo. Bhí idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn Ghaelacha tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá Is Leor Beirt, stáisiúin raidió, institiúidí oideachais, craobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag déanamh a gcuid cainte ar son na curiarrachta seo.”

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an gcuriarracht Ghaeilge den chéad uair le Comhrá 247 sa bhliain 2013, áit ar baineadh 168 uair a’ chloig cainte gan stad amach i mí Dheireadh Fómhair 2013, agus sháraigh curiarracht Comhrá ’14 é sin le 169 uair a’ chloig cainte. Tá físeán le blaisín de dhúshlán Comhrá ’15 na bliana seo caite ar fáil ar YouTube Chonradh na Gaeilge ag http://bit.ly/comhra15 agus beidh físeán na bliana seo ar fáil chomh maith sár i bhfad.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.