Forógra faoi theangacha dúchais na hÉireann agus na Breataine

Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, ag labhairt ar an fhorógra ag imeacht Cymdeithas CiarándocxForógra Ionadaithe Phobail na Mionteangacha i nDiaidh Brexit

I ndiaidh ceisteanna teanga in oileán na hÉireann agus na Breataine a phlé san Eisteddfod Genedlaethol sa Fenni (Abergavenny) an tseachtain seo caite, tá grúpaí teanga dúchais as an Bhreatain Bheag, as Corn na Breataine, ó thuaidh in Éirinn, agus in Albain tar éis forógra teanga a shíniú agus fuarthas tacaíocht dó in Oileán Mhanann freisin.

Maítear san fhorógra go mbeidh na pobail theanga seo ag obair le chéile chun todhchaí chothrom dá dteangacha a chinntiú taobh istigh den chóras nua a thiocfaidh sna salaí ar thoradh Brexit an reifrinn. Dá réir sin, déanann na grúpaí uilig cáineadh ar an chinneadh a rinneadh le gairid ar mhaoiniú don Choirnis a chealú.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge