Náireach Nach Bhfuil Sé d’Acmhainn Scéim na nImeachtaí Óige A Mhaoiniú Mar Is Ceart, Géarghá Plean Infheistíochta Gaeilge & Gaeltachta A Mhaoiniú – Conradh na Gaeilge

Scéimeanna ÓigePobal na teanga ag fulaingt sna sála ar chiorruithe leanúnacha ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge & Údarás na Gaeltachta

Tá an-díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge maidir leis an laghdú suntasach a rinneadh ar Scéim na nImeachtaí Óige 2016 – 2017 agus a d’fhógair Foras na Gaeilge le déanaí, agus molann go gcuirfeadh an dá Rialtas maoiniú ar fáil mar ábhar práinne chun an bplean infheistíochta arna aontú ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a chur i gcrích.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is ábhar samhnais do Chonradh na Gaeilge an dochar leanúnach atá á dhéanamh do phobal na Gaeilge mar thoradh ar chiorrú i ndiaidh ciorraithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge ó bhí 2002 ann. Tá buiséad Sheachtain na Gaeilge laghdaithe 40%, tá líon na gcampaí samhraidh atá maoinithe ag an bhForas laghdaithe, agus anois is ar éigin go bhfuil sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge mórán níos mó ná leath na scéimeanna óige a ceadaíodh anuraidh a mhaoiniú i mbliana.

“Ní mór don dá Rialtas an leithcheal i gcoinne earnáil na teanga a chur ina cheart, agus éilíonn Conradh na Gaeilge ar an dá roinn airgeadais an plean infheistíochta arna aontú ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú láithreach.”

Tacaíonn Scéim na nImeachtaí Óige de chuid Fhoras na Gaeilge le grúpaí pobail chun deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil do dhaoine óga idir 3 bliana agus 18 mbliana d’aois, á spreagadh leis an teanga a úsáid i mbealach spraíúil lasmuigh den scoil. Ceadaíodh 74 tionscadal arbh fhiú €322,361 iad faoi Scéim na nImeachtaí Óige 2015 – 2016 anuraidh, ach ní fhéadfadh Foras na Gaeilge ach deontais do 41 tionscadal ar luach €182,876 ina iomláine a cheadú don bhliain 2016 – 2017 toisc ciorruithe leanúnacha agus laghdú beagnach 40% ar ollbhuiséad an Fhorais le deich mbliana anuas, nuair a thógtar boilsciú san áireamh.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl sé ceart ná cóir go gcaillfeadh níos mó ná 1,835 duine óg an deis freastal ar imeachtaí óige taobh amuigh den scoil i mbliana agus laghdú chomh suntasach sin tagtha ar líon na scéimeanna óige Gaeilge ar ceadaíodh i mbliana, ceal airgid. Tá réiteach ar an éagóir seo áfach, agus plean infheistíochta aontaithe ag breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta chun úsáid na teanga a spreagadh i measc an phobail, ach an tacaíocht chuí a fháil ón stát. Ní hamháin go gcuirfeadh infheistíocht i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta borradh dochreidte faoi úsáid na Gaeilge, ach chruthófaí níos mó ná 1,175 post nua mar thoradh ar an infheistíocht chéanna.”

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta
Tá plean infheistíochta uile-oileánda aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-Éireann, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

Tá bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/beartaionadaiochta

An raibh a fhios agat?

  • Tá Gaeilge éigin ag nach mór 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag canadh as Gaeilge
  • D’fhreastalódh an plean infheistíochta* atá á mholadh ar an 93% den daonra ó dheas a thacaíonn le hathbheochan nó le caomhnú na Gaeilge (ESRI & OÉ Má Nuad, 2009) ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil
  • Chabhródh an plean infheistíochta agus an stádas polaitiúil breise atá á lorg againn le haisling ghlúin na réabhlóide a bhaint amach don Ghaeilge, agus dhéanfadh comóradh ceart ar 1916

* Is ionann an maoiniú breise atá ag teastáil don phlean infheistíochta agus €5 mhilliún níos lú ná an maoiniú a cuireadh ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i 2008

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge