Léiríonn Taighde Neamhspleách Go Bhfuil Géarghá le hAire Sinsear don Ghaeilge & don Ghaeltacht

An Ghaeltacht63% a chreideann gur chóir go mbeadh gach seirbhís stáit ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta

Léiríonn taighde neamhspleách a rinne Millward Brown do Chonradh na Gaeilge i mbliana go bhfuil gá le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, móide infheistíocht i bplean le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge, má tá mianta an phobail le baint amach.

Creideann tromlach phobal an stáit ó dheas (63%) “gur chóir go mbeadh gach seirbhís stáit ar fáil trí Ghaeilge do mhuintir na Gaeltachta,” dar le suirbhé neamhspleách arna coimisiúnú ag Conradh na Gaeilge ó Millward Brown níos luaithe i 2016, áit nach raibh ach 10% in aghaidh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Aontaíonn níos mó ná seisear i ngach deichniúr (62%) ó dheas nach bhfuil go leor deiseanna ann do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais foirmiúil fosta.

Tacaíonn an taighde seo le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le hAire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, móide infheistíocht i bplean le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge, á lorg ag breis ‘s 80 grúpa pobail mar chuid d’fheachtas chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a áireamh in aon chlár rialtais nua ó dheas. Creideann Conradh na Gaeilge go léiríonn an taighde is déanaí go bhfuil toil an phobail ag foirne idirbheartaíochta na bpáirtithe polaitíochta chun an infheistíocht sa phlean, agus Aire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta le Gaeilge, a chinntiú sna cainteanna reatha.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn an taighde is déanaí go dtacaíonn muintir na hÉireann le héileamh phobal na Gaeilge dá chearta teanga agus le seirbhísí stáit a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Is tobar na teanga í an Ghaeltacht, ach tá tacaíocht phraiticiúil ag teastáil ón bpobal sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, agus ba chóir go mbeadh ionadaíocht cheart ag an bpobal seo ag an mbord rialtais le hAire Sinsearach Gaeilge agus Gaeltachta, le Gaeilge líofa. Ní mór go mbeadh Comhchoiste Oireachtais seasta ag feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta freisin, agus tá géarghá infheistíocht cheart a dhéanamh sna húdaráis agus sna grúpaí pobail a chruthaíonn tuilleadh fostaíochta agus deiseanna a thacaíonn le húsáid na teanga araon.”

Chuige seo, tá infheistíocht i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta móide Aire Sinsearach á n-éileamh ag Conradh na Gaeilge agus breis ‘s 80 grúpa pobail ón gcéad rialtas eile ó dheas.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge