Gníomhartha le haontú chun Éilimh Phobal na Gaeilge a bhaint amach sa toghchán ó thuaidh

Fóraim Ghnímh ó thuaidhTús á chur ag Conradh na Gaeilge le Fóraim Ghnímh chun phobal na teanga a spreagadh i dtaobh an toghcháin ó thuaidh

Tá fóraim ghnímh oscailte á dtionól ag Conradh na Gaeilge ó thuaidh le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sa toghchán a bheidh a reáchtáil ar 5 Bealtaine 2016. Tá sraith cruinnithe eagraithe i sé cheantar ó thuaidh agus Conradh na Gaeilge ag éileamh ar pháirtithe tacú leis na héilimh roimh an toghchán.

Tá dhá fhóram gnímh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge gach seachtain anois ar feadh trí seachtaine. Tosaíonn siad anocht, An Chéadaoin (6 Aibreán 2016) – i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar 7.45in; agus beidh fóram ann i gceantar Lár Uladh oíche Dhéardaoin (7 Aibreán 2016), i dTeach an tSeanbhainc, An Teach Thiar in Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain ar 7.00in.

Tá cruinnithe eile socraithe in An Carn, Machaire Rátha, Co. Dhoire, ar 7.00in oíche Chéadaoin, 13 Aibreán 2016; i gCultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire, ar 5.30in Déardaoin 14 Aibreán; in Ionad Ealaíne na Struthaile, An Ómaigh ar 9.00in Céadaoin 20 Aibreán; agus i nGaeláras Mhic Ardghail in Iúr Cinn Trá, Déardaoin 21 Aibreán ar 7.00in.

Is iad 3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thuaidh:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le postanna nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh
  3. Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu.”

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Ní neart go cur le chéile agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear gach iarrthóir a thagann chun dorais faoina bhfuil siad sásta tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge nó nach bhfuil.”

"Cuirfear béim faoi leith ar thábhacht na n-éileamh seo do phobal na Gaeilge sna Fóraim Ghnímh arna comhordú ag Conradh na Gaeilge. Aithnítear anseo An Roinn Oideachais agus An Roinn Pobail mar thosaíochtaí ó thuaidh don Ghaeilge. Beidh muid ag iarraidh ar an phobal teacht le chéile chun na héilimh seo a bhrú chun tosaigh, go háirithe anois agus Acht na Gaeilge agus Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ó thuaidh diúltaithe ag an Fheidhmeannas ar na mallaibh.”

Scaipfidh Conradh na Gaeilge eolas i measc an phobail i ngach toghcheantar faoi na hiarrthóirí agus faoi na páirtithe polaitiúla ar fad atá ag tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge roimh an toghchán ansin, sna sála ar na fóraim ghnímh. 

Más spéis le grúpa pobail áitiúil cuidiú leis an Chonradh chun fóram gnímh a eagrú ina gceantar féin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifig an Chonartha ó thuaidh ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó +44 (28) 903 15647.

TOGHCHÁN 2016:

Éilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta

Tá plean infheistíochta uile-Éireann aontaithe ag breis ‘s 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta – eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh – chun breis ‘s 1,160 post a chruthú, agus tá na grúpaí ag iarraidh go léireoidh gach páirtí polaitíochta tacaíocht don phlean sna forógraí olltoghcháin s’acu: http://bit.ly/pleaninfheistiochta

Tá bearta ionadaíochta á lorg ag na grúpaí pobail agus uile-oileánda chun go gcuirfear an plean infheistíochta i ngníomh chomh maith, ina measc go gceapfaí Airí Sinsir thuaidh agus theas chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta agus chun dea-bhainistiú agus feidhmiú iomlán an phlean infheistíochta a chinntiú: http://bit.ly/beartaionadaiochta

3 Phríomhéileamh Phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thuaidh:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le postanna nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Pobail a bheadh báúil don Ghaeilge agus a bheadh ábalta mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh
  3. Go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus a chinnteodh forbairt leanúnach d’earnáil na Gaelscolaíochta

An raibh a fhios agat?

  • Tá Gaeilge éigin ag 10.6% den daonra ó thuaidh de réir Daonáireamh 2011
  • Tá suim agus úsáid na Gaeilge sa saol mór, go háirithe i measc daoine óga, ag fás go leanúnach. Mar shampla, tá breis ‘s milliúin duine tar éis éisteacht leis an amhránaí cáiliúil Ed Sheeran ag ceol as Gaeilge
  • Tá níos mó ná 17,000 duine sínithe suas do thionscadal Líofa leis an Ghaeilge a fhoghlaim
  • Creideann 54% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil do dhaoine ar mhaith leo iad a úsáid (Céard é an Scéal? Conradh na Gaeilge, 2015)
  • Tá níos mó ná 5,000 páiste sa chóras Gaeloideachais faoi láthair, leis míltí eile ag foghlaim na Gaeilge mar dara theanga ar scoileanna eile
  • Cuideoidh an plean infheistíochta atá á mholadh againn ar phobal beo bríomhar atá ag fás ar na bealaí seo a leanas:
    • Clár gníomhaíochta maidir le húsáid agus foghlaim na teanga a chur ar fáil
    • Lárionad Gaeilge a bhunú i mbailte ar fud an oileáin
    • Scoláireachtaí Gaeltachta do daoine óga agus teaghlaigh a chur ar fáil

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter.

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge