Skip to main content

Caith Luan Cásca 2016 le Conradh na Gaeilge agus Radharc ar an Réabhlóid á Reáchtáil ag RTÉ 1916 sa Phríomhchathair

Comóradh 1916 sna Siopaí Luan Cásca 2016Le seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta i 1916 ina mbaill de Chonradh na Gaeilge agus Eoin Mac Néill féin ina bhunaitheoir ar an eagraíocht, beidh rogha imeachtaí á reáchtáil ag an gConradh don teaghlach ar fad mar chuid de chomóradh RTÉ Radharc ar an Réabhlóid | Reflecting the Rising i lárionad na Gaeilge ag Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ó 11.00rn – 6.00in ar Luan Cásca (28 Márta 2016). 

Reáchtálfar ceardlann chlódóireachta dhátheangach do theaghlaigh gach uair a’ chloig ó 11.00rn – 3.00in chun deis a thabhairt do pháistí dul i ngleic leis an gcló Ghaelach, faoi mar a rinne Pádraig Mac Piarais ina ré mar eagarthóir ar An Claidheamh Soluis, an iris is mó tionchar san aga roimh an Éirí Amach, ó 1903 – 1909.

Is ar 11.00rn a chuirfear tús fosta leis an gcéad thuras treoraithe den áras a bhí ina theach agus ina halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman tráth gur bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn in 1854; ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse; agus ina Aireacht Airgeadais faoi Mhícheál Ó Coileáin sna sála ar an gCéad Dáil sa bhliain 1919, agus atá anois ag feidhmiú mar Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann.

Deir Cuan Ó Seireadáin, Comhordaitheoir 2016 le Conradh na Gaeilge:

"Bhí an Ghaeilge fite fuaite le smaointeoireacht nuálaíoch na gConraitheoirí agus lárnach i bhfís cheannairí an Éirí Amach i 1916, fad agus atá stair an stáit fite fuaite go dlúth leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, lárionad Gaeilge atá ag croílár na Gaeltachta uirbí i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann. Tá Conradh na Gaeilge an-sásta an deis a fháil an stair spleodrach, spéisiúil sin a chur ar shúile an phobail mar chuid de Radharc ar an Réabhlóid arna reáchtáil ag RTÉ 1916 sa phríomhchathair Luan Cásca, agus fearann muid fáilte Uí Cheallaigh roimh chách chun cuairt a thabhairt ar lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair le linn an chomórtha.”

Beidh léargas ar an meon agus ar ábhair spéise lucht na hathbheochana cultúrtha um 1916 le feiceáil i bhfuinneoga na príomhchathrach ar Luan Cásca 2016 leis, óir beidh Comóradh 1916 sna Siopaí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le gnólachtaí a ghlac fógraí ins An Claidheamh Soluis idir 1899 – 1932 agus atá fós ar an bhfód sa lá atá inniu ann. Tá tuilleadh cóipeanna de An Claidheamh Soluis ar www.cnag.ie

Léireoidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh ó Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath, An Filleadh ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach sa phríomhchathair ar 4.00in Luan Cásca mar cheann de bhuaicphointí Fhéile na Físe arna eagrú ag Conradh na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 freisin. Is é An Filleadh an t-aon dráma as Gaeilge atá beartaithe go dtí seo ag Amharclann na Mainistreach a léiriú i 2016, agus is dráma é a scríobh Alan Titley go speisialta d’Fhéile an Físe de chuid Chonradh na Gaeilge.

Is mar chuid de Chlár Chomóradh 2016 de chuid Chonradh na Gaeilge atá imeachtaí Luan Cásca 2016 á reáchtáil i lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag 6 Sráid Fhearchair agus in Amharclann na Mainistreach.

CLÁR AMA IMEACHTAÍ GAEILGE: Radharc ar an Réabhlóid

 

Conradh na Gaeilge, Lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

11.00 – 15.00 Ceardlann chlódóireachta An Claidheamh Soluis (dátheangach agus in oiriúint do pháistí)

11.00 – 17.00 Stair idirghníomhach Chonradh na Gaeilge

11.00 – 17.00 Tae agus caife saor in aisce

11.00 – 12.00 Turas treoraithe

12.00 – 13.00 Turas treoraithe

13.00 – 14.00 Turas treoraithe

14.00 – 15.00 Turas treoraithe

15.00 – 16.00 Turas treoraithe

16.00 – 17.00 Turas treoraithe

 

Amharclann na Mainistreach, 26 – 27 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1

16.00 – 17.00 An Filleadh le hAlan Titley á léiriú ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh, Ráth Fearnáin

*Níl aon chostas ar chead isteach ach is gá ticéad a chur in áirithint ag www.abbeytheatre.ie roimh ré.*

 

Comóradh 1916 sna Siopaí ar fud Bhaile Átha Cliath

Ar feadh an lae

 

Bunaithe ag Dúbhglas de hÍde agus Eoin Mac Néill in 1893, tá tábhacht stairiúil Chonradh na Gaeilge aitheanta ag an iliomad scoláirí agus pearsa a bhí lárnach i mbunú an stáit i gcaitheamh an chéid ó bhí Éirí Amach na Cásca 1916 ann, Mícheál Ó Coileáin san áireamh.

Sa saothar s’aige The Path to Freedom, scríobh an Coileánach i 1922:

 

The Gaelic League restored the language to its place in the reverence of the people. It revived Gaelic culture. While being non-political, it was by its very nature intensely national. Within its folds were nurtured the men and women who were to win for Ireland the power to achieve national freedom. Irish history will recognise in the birth of the Gaelic League in 1893 not only the most important event in the nineteenth century, but in the whole history of our nation.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.