Skip to main content

“Is bunchearta iad ceart teanga. Tá muid mar chuid de phobal mionteangacha san Eoraip a bhfuil 40 milliún cainteoir ann” - Paul Bilbao

Paul Bilbao ó KontseiluaTéann Saineolaí Idirnáisiúnta Teanga i mbun comhairliúcháin le pobal na Gaeilge maidir le Prótacal Mhionteangacha na hEorpa

Tháinig breis agus 30 ionadaí ó ghrúpaí agus eagraíochtaí fud fad phobal na Gaeilge le chéile i gcomhar le Conradh na Gaeilge ag ócáid chomhairliúcháin ar Phrótacal teanga san Eoraip i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich inniu (22/3/16). Ba é Paul Bilbao, Ard-Rúnaí na heagraíochta idirnáisiúnta teanga Kontseilua, cathaoirleach an tseisiúin.

Díríonn an próiseas comhairliúcháin, a rachaidh anois fríd phobail mhionteangacha ar fud na hEorpa, ar bharúlacha agus ar pheirspictíocht a bhailiú maidir le ‘Prótacal chun Cearta Teanga a Chinntiú’ a bhfuil sé de sprioc aige tógáil ar Fhorógra Uilíoch um Chearta Teangeolaíocha 1996 Barcelona (Universal Declaration of Linguistic Rights). Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an chomhairliúchán agus roimh an phrótacal, go háirithe an bhéim shuntasach atá á cur ar rannpháirtíocht an phobail taobh leis na saineolaithe idirnáisiúnta.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Neartaíonn coincheap an Phrótacail an tábhacht forásach, leanúnach a bhaineann le cearta teanga ar fud na hEorpa. Ó thuaidh ligeadh pobal na Gaeilge síos arís agus arís eile ar an cheist seo. Tá cearta teanga forásacha lárnach in Eoraip fhorásach, a thugann meas do chearta agus dínit a cuid saoránach uilig. Roimhe seo bhí gealltanais ghinearálta againn ár dteanga ‘a chur chun cinn agus a fhorbairt’ ach go réadúil is beag an difear a rinneadh i saol laethúil lucht úsáidte na Gaeilge. Léireofar sa Phrótacal seo na céimeanna praiticiúla atá riachtanach chun tacaíocht a thabhairt d’athghabháil mionteangacha, mar aon le táscairí a dhéanfaidh an cur i bhfeidhm a mheas.”

Dúirt Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

“Is céim eile chun tosaigh é an Prótacal seo chun an Ghaeilge a aithint ar ardán idirnáisiúnta teangeolaíoch. Ag teacht sna sála ar an chinneadh a glacadh san Fheidhmeannas ó thuaidh bac a chur ar Acht agus ar Straitéis na Gaeilge an tseachtain seo caite, tá sé ríthábhachtach anois go dtugtar an chosaint chuí do chearta teanga trí chaighdeáin chearta daonna idirnáisiúnta agus Eorpacha. Chuige sin tá sé riachtanach go gcomhlíontar na creatlacha idirnáisiúnta ceart i dtaobh na Gaeilge, a dhaingnigh Rialtas na Breataine iad féin. Ní mór do Rialtas na Breataine cloí lena gconarthaí idirnáisiúnta agus Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh, mar a d’aontaigh siad i gComhaontú Chill Rímhinn i 2006.

“Thagair Paul Bilbao inniu do cheithre bhunchloch na hathghabhála teanga: Reachtaíocht Fhónta, Pleanail, Áiseann Eacnamaíochta, Tacaíocht agus Suim an Phobail. Ba mhaith linn iarraidh ar mhórphobal na Gaeilge bheith rannpháirteach sa próiseas comhairliúcháin seo.”

Luaigh Paul Bilbao, Ard-Rúnaí Kontseilua, agus stiúrthóir an chomhairliúcháin:

“Is léir domsa nach ann do chearta teanga, ach is bunchearta iad ceart teanga. Tá muid mar chuid de phobal mionteangacha san Eoraip a bhfuil 40milliún cáinteoir ann. Dar liom, tá sé frithráiteach go gcuireann Rialtas na Breataine, a dhaingnigh an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, go gcuireann siad cearta teanga i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla ar fad idir Albain, an Bhreatain Bheag agus ó thuaidh in Éirinn. D’fheadfaí seo a réiteach trí ghlacadh le hAcht Gaeilge ó thuaidh, agus é sin a chur i bhfeidhm. Tá sé mar sprioc ag an Phrótacal seo riachtanais agus cearta na bpobal teanga a chinntiú, iad a chosaint agus iad a bhuanú.”

Cuirtear fáilte mhór roimh dhaoine bheith gníomhach sa phróiseas comhairliúcháin seo. Tá tuilleadh eolais, mar aon le córas aighneachta leictreonach, ar fáil ag: www.protokoloa.eus

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.