Skip to main content

53% Den Dáil Nua Ag Tacú le hÉilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta, gníomh láithreach á éileamh ag Conradh na Gaeilge

TDs that support #GaelVótaGheall 84 Teachta Dála a toghadh san olltoghchán ó dheas tacaíocht do phlean infheistíochta & do bhearta ionadaíochta arna aontú ag 80+ grúpaí pobail

Agus 84 Teachta Dála a thacaíonn go hoifigiúil le trí mhóréileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tofa don 32ú Dáil, d’fháiltigh an 80+ grúpa pobail a d’aontaigh ar phlean infheistíochta agus ar bhearta ionadaíochta don teanga, roimh mhóramh na dTeachtaí nuathofa atá ag tacú lena n-éilimh.

Tá níos mó ná 53% de na Teachta Dála nuathofa ag tacú le trí mhóréileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta anois, agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar bhaill nuathofa Dháil Éireann na móréilimh seo a leanas a chur ag croílár na gcainteanna reatha i dtaca le clár Rialtais nó athchóiriú ar an Dáil láithreach:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú;
  2. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais; agus
  3. Go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is céim an-mhór chun cinn í seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta óir tá argóint dhlisteanach againn anois go bhfuil móramh taobh thiar de na héilimh s’againn agus gur cuma cén Rialtas a chuirfear ar bun ag deireadh an lae, ba chóir go gcuirfí an trí éileamh a chur i bhfeidhm anois. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar gach Teachta nuathofa na gealltanais a rinne siad féin agus a bpáirtithe ar son na teanga agus na Gaeltachta a chur ag croí na gcainteanna atá ar bun maidir le clár Rialtais nó athchóiriú ar an Dáil.”

 

Tá sonraí teagmhála gach Teachta Dála a gheall tacaíocht d’éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta roimh an olltoghchán ó dheas ar fáil ag www.cnag.ie/gaelvota agus tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal áitiúil teagmháil a dhéanamh leis na Teachtaí nuathofa óna ndáilcheantar féin, ag meabhrú dóibh chun na héilimh a chur san áireamh mar thosaíochtaí in aon chainteanna ar chlár Rialtais nó athchóiriú ar an Dáil roimh Dé Céadaoin, 10 Márta 2016.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní neart go cur le chéile – toghadh móramh chun na Dála atá ag aontú le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta buíochas le hionchur iontach an phobail féin san fheachtas #GaelVóta le hiarrthóirí an olltoghcháin ó dheas go dtí seo. Níl i gceist leis seo ach an chéad chéim áfach – tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe an deis a thapú chun brú a chur ar an móramh seo chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i lár an aonaigh agus clár Rialtais nó athchóiriú ar an Dáil idir lámha ag na Teachtaí nuathofa faoi láthair.”

Tá tuilleadh eolais faoi na bearta ionadaíochta atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus faoi éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile ar fáil ó www.cnag.ie/gaelvota, ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., nó leis an haischlib #GaelVóta ar Twitter, nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hArd-Oifig an Chonartha ag 00353 (0)1 4757401.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.