Skip to main content

Tús Sneachtúil le Rith 2016, An Rith Is Mó Riamh don Ghaeilge Go Dtí Seo

Rith 2016Seo an chéad bhliain don fhéile agus ollrith náisiúnta ar son na Gaeilge cuairt a thabhairt ar gach ceann de na 32 Chontae thar 11 lá

Cuirfear tús le Rith 2016 ag Teach Bhaile an Caisleáin, Contae Chill Dara, ar 9.30rn maidin inniu (Dé hAoine, 4 Márta 2016), agus den chéad uair riamh, beidh an ollrith náisiúnta ag dul trí gach contae in Éirinn thar thréimhse 11 lá. Críochnófar #Rith2016 le ceolchoirm sráide de chuid Seo Linn i gColáiste na Tríonóide i gcroí lár Bhaile Atha Cliath ar 14 Márta 2016.

Tá Rith 2016 ar cheann de phríomhimeachtaí comórtha Éirí Amach 1916. Tá cúrsa 800km leagtha amach chun an ollrith sealaíochta a thabhairt go gach contae ar fud na hÉireann, agus beidh na na mílte duine ag glacadh páirte i Rith 2016.

Ghlac 10,000 duine páirt sa chéad Rith in Éirinn i 2010. Tharla an dara Rith i 2012 le 27,000 duine ag rith 700 ciliméadar, trasna na gceithre chúige. Ghlac breis agus 30,000 duine páirt i Rith 2014, agus meastar go mbeidh os cionn 50,000 duine ag rith le Rith 2016 i mbliana. Iompraíonn na reathaithe bata ina bhfuil teachtaireacht dóchais ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i bhfolach ann, agus cuirfear an teachtaireacht isteach sa bhata ag tús Rith 2016. Ansin tabharfar an bata ó dhuine go duine, ó chiliméadar go ciliméadar go críoch Rith 2016, áit a léifear amach í ag an gclabhsúr. Is í Críona Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath a bheidh i mbun na hoibre sin i mbliana.

Tá gach ciliméadar den Rith urraithe ag daoine aonair, scoileanna, grúpaí pobail, gnólachtaí nó eile, agus cosnaíonn gach ciliméadar ar Rith 2016 €100. Ní gá ciliméadar a cheannach le páirt a ghlacadh, ach is iad na grúpaí a cheannaíonn ciliméadar a bhíonn chun cinn sa Rith le teachtaireacht an Uachtaráin. Tá liosta na mbailte trína bhfuil Rith 2016 ag dul ar fáil ag www.rith.ie.

Dúirt Marcus Mac Ruairí, Cathaoirleach Rith:

"Is ardú croí agus meanman dúinn ar fad é nuair a thagann na mílte daoine amach ar bhóithre na hÉireann chun tacú leis an teanga. Tá Rith 2016 mar chuid speisialta ní hamháin de Sheachtain na Gaeilge i mbliana, ach lárnach chomh maith i gComóradh Éirí Amach 1916. Tá na céadta grúpaí éagsúla idir scoileanna, ghrúpaí pobail áitiúla, chlubanna spóirt agus go leor leor eile tar éis ciliméadar a cheannach do Rith 2016 go dtí seo!"

Beidh an Rith leanúnach ag taisteal trí bhailte, trí chathracha, agus trí shráidbhailte na tíre. Beidh na daoine atá ag glacadh páirte ann mar aon le foireann Rith 2016 le cloisteáil ag canadh, ag screadaíl, agus ag labhairt na Gaeilge in ard a ngutha sula bhfeicfear iad fiú, agus iad ag rith faoi thionlacan charranna Toyota buíochas le Toyota Ireland.

Is féile dhébhliantúil é Rith a bunaíodh in 2010 leis an aidhm an Ghaeilge a cheiliúradh sa phobal ar bhealach atá uileghabhálach, físiúil, agus gníomhach. Féadfaidh daoine fós a gcuid tacaíochta a léiriú trí pháirt a ghlacadh i Rith 2016 agus ciliméadar a cheannach ar-líne ag www.rith.ie. Déantar na brabúis uile ó Rith a athinfheistiú sna pobail áitiúla le tacú leis an nGaeilge ag leibhéal áitiúil.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.