Skip to main content

Tús le Seachtain na Gaeilge 2016

Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, leis an mbanna Seo Linn ag seoladh Sheachtain na Gaeilge 2016 ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge 2016Tosaíonn imeachtaí na féile Gaeilge is mó ar domhan inniu, 1 Márta, tar éis a seolta ag an deireadh seachtaine

Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Seachtain na Gaeilge 2016 oíche Aoine (26 Feabhra 2016) mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.

Cuirtear tús inniu (1 Márta 2016) le Seachtain na Gaeilge 2016, féile idirnáisiúnta a spreagfaidh 750,000 duine chun leas a bhaint as an nGaeilge le linn na féile agus a bheidh á reáchtáil ar fud na cruinne arís i mbliana ó 1 – 17 Márta 2016. Beidh na mílte imeacht pobail agus scoile ar siúl ar fud na hÉireann agus in áiteanna chomh fada i gcéin le Kansas agus an Astráil chun deis a thabhairt do chách, ó fhoghlaimeoirí go cainteoirí líofa, taitneamh agus spraoi a bhaint as an teanga.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá níos mó ná 200 grúpa pobail ag glacadh páirte i gceiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar fud na cruinne aus ag eagrú imeachtaí arís i mbliana. Beidh an Ghaeilge á labhairt ag imeachtaí éagsúla ar nós Rith 2016, ceolchoirmeacha, léirithe scannáin, oícheanta grinn, turais ar ionaid oidhreachta agus turasóireachta, imeachtaí leabharlainne d’óg agus aosta, agus go leor eile ó 1 – 17 Márta 2016. Anuas air sin uile, beidh comóradh ar leith á dhéanamh ar ról na Gaeilge i bhfís cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 le Féile na Físe sna scoileanna ar 15 Márta 2016. Bí linn – bain triail aisti!”

Sheol Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Seachtain na Gaeilge 2016 ag oscailt Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Dé hAoine (26 Feabhra 2016), áit ar bhuail sé le hambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016, an banna ceoil Seo Linn. Tá clú agus cáil bainte amach ag Seo Linn as na físeáin YouTube atá déanta acu le Coláiste Lurgan agus iad ag casadh leithéidí Avicii, Macklemore agus Amhrán na gCupán as Gaeilge. Is banna ceoil lán-aimseartha anois iad, a bhuí sin leis an nGaeilge. 

Dúirt Keith Ó Briain, ball de Seo Linn, ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016:

“Ní hé go raibh mórán suime againn sa Ghaeilge nuair a bhí muid ag fás aníos ach nuair a thosaigh muid ag ceol trí Ghaeilge, mhúscail sé grá ionainn don teanga agus táimid an-bhuíoch den teanga as na deiseanna a thug sí dúinn ó shin. Mholfaimis do dhaoine má tá suim nó paisean agaibh in aon rud ar leith, bain triail as trí Ghaeilge agus b’fhéidir go mbeidh ionadh oraibh cá dtógfaidh sé sibh!”

Beidh Rith 2016, féile agus ollrith sealaíochta ar son na Gaeilge, ar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2016. Beidh sé ar siúl thar 11 lá agus 2600 ciliméadar i mbliana, ag tabhairt cuairte ar gach contae in Éirinn chun 50,000 duine a spreagadh leis an teanga a cheiliúradh ar shráideanna agus bóithre na hÉireann ó 4 – 14 Márta 2016 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 freisin. Tá gach eolas faoi Rith 2016 ar www.rith.ie. 

Tá liosta imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2016 ar shuíomh gréasáin na féile www.snag.ie nó is féidir feidhmchlár na féile a íoslódáil ón App Store nó Google Play chun imeachtaí in aice leatsa a aimsiú agus chun frása nua a chleachtadh gach lá leis an mír Frása an Lae.

IMEACHTAÍ
Tá liosta imeachtaí réigiúnacha ag an nasc seo: Imeachtaí de réir Cúige/Contae

GRIANGHRAFADÓIR:
Conor McCabe
00353 85 7057255 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | www.conormccabe.ie

Tá grianghraif d’Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, leis an mbanna Seo Linn, Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016, ar fáil ó Conor McCabe Photography.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.