Skip to main content

Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn Le Labhairt Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Átha Cliath

Aoine na hArd-Fheise 2016Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, le chéad mhóróráid Ghaeilge na bliana a thabhairt sula seolann sé Seachtain na Gaeilge 2016

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ó 26 – 27 Feabhra 2016 agus tabharfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a chéad mhóróráid as Gaeilge i mbliana i Halla Sheoirse Chaisleán Átha Cliath, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, ar 8.00in oíche Aoine na hArd-Fheise (26 Feabhra 2016). I ndiaidh na hóráide, seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Seachtain na Gaeilge 2016, féile idirnáisiúnta a spreagfaidh 750,000 duine chun leas a bhaint as an nGaeilge le linn na féile a bheidh á reáchtáil ar fud na cruinne arís i mbliana ó 1 – 17 Márta 2016.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is mór an onóir í do Chonradh na Gaeilge go mbeidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i láthair ag Ard-Fheis na heagraíochta i mbliana, go háirithe ós rud é gurb í seo an chéad mhóróráid Ghaeilge a thabharfaidh sé um bhliain chinniúnach, stairiúil seo. Ba ghníomhaí dílis ar son na teanga é an tUachtarán Ó hUigínnde shíor, ón mbaint a bhí aige i mbunú stáisiún teilifíse lánGhaeilge don phobal, go dtí an tacaíocht a léirigh sé don Choimisinéir Teanga i gcónaí.

“Ní hamháin go mbeidh stair na hathbheochana á cíoradh ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ina chuid cainte ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, ach pléifidh sé cad is fíor-Phoblacht ann agus cad atá i ndán don Ghaeilge amach anseo, mar sin is cinnte go gcuirfidh idir theachtaí Ard-Fheise agus bhaill an phobail araon an-spéis sa mhéid a bheidh le rá aige Dé hAoine.”

Seolfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Seachtain na Gaeilge 2016 sna sála ar an óráid agus beidh teacht ar gach eolas faoi imeachtaí áitiúla na Seachtaine de réir contae san iris speisialta SULT a bheidh á dáileadh leis an Irish Daily Mail Dé Sathairn (27 Feabhra 2016), nó ar-líne ag www.snag.ie.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá 200 grúpa pobail ag glacadh páirte i gceiliúradh Sheachtain na Gaeilge ar fud na cruinne arís i mbliana, agus beidh an Ghaeilge á labhairt ag imeachtaí éagsúla ar nós féile Gaeilge Cois Trá leis an Scoil Surfála Freedom i bPort Láirge, oíche amhránaíochta in Kansas sna Stáit Aontaithe, ceolchoirm Seo Linn i bhFaiche Stiabhna, agus seoladh chnuasach gearrscéalta i bPrág ó 1 – 17 Márta 2016. Anuas air sin uile, beidh comóradh ar leith á dhéanamh ar ról na Gaeilge i bhfís cheannairí Éirí Amach na Cásca i 1916 le Féile na Físe sna scoileanna ar 15 Márta 2016. Bí linn – bain triail aisti!”

Beidh Rith 2016, ollrith agus féile dhébhliantúil náisiúnta a rithfear thar 11 lá agus 2600 ciliméadar i mbliana, ag tabhairt cuairte ar gach contae in Éirinn chun 50,000 duine a spreagadh leis an teanga a cheiliúradh ó 4 – 14 Márta 2016 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2016 freisin.

Sna sála ar sheoladh Sheachtain na Gaeilge 2016 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, pléifear ról Chonradh na Gaeilge i bhfís cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 le seimineár Plé 16: Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne dar tús 8.30in oíche Aoine (26 Feabhra 2016). Tá an seimineár Plé 16 á reáchtáil ag an Ard-Fheis mar chuid de Chlár Chomóradh Chonradh na Gaeilge 2016, agus i measc na saineolaithe ag labhairt ar an oíche, beidh Peadar Kirby, Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh; Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC); Colm Ó Néill, Leas-Uachtarán, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ); agus Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Conradh na Gaeilge.

Níl aon chostas ar imeachtaí Aoine Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016, ach is gá ainmneacha a chur ar liosta feithimh don oíche trí Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2016:

 

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 ar Facebook: on.fb.me/1QfUtR0

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 ar Twitter: #AFCnaG @CnaG

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2016 i mBaile Átha Cliath ó 26 – 27 Feabhra 2016 le comóradh a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge do cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916 agus don phobal trí chéile ag an am sin ar oileán na hÉireann. Is ócáid ar leith a bheidh ann – beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, i láthair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath chun Seachtain na Gaeilge na bliana seo a sheoladh ar Aoine na hArd-Fheise, agus beidh dinnéar speisialta ar siúl i bproinnteach Choláiste na Tríonóide oíche Shathairn. Tá réimse leathan imeachtaí trí Ghaeilge beartaithe againn do theaghlaigh, do bhaill chraoibhe, do bhaill aonair, agus don mhórphobal trí chéile sa phríomhchathair i gcaitheamh an deireadh seachtaine, agus tá clár iomlán na hArd-Fheise ar fáil thíos. Ticéad Dhinnéar na hArd-Fheise: €50. Clárú & Áirithintí: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Dé hAoine, 26 Feabhra 2016
Caisleán Bhaile Átha Cliath

19.00 Fáiltiú

20.00 Óráid agus Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2016

- Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn

20.30 Seimineár Plé 16: Conradh na Gaeilge agus Saoirse Intinne

- Peadar Kirby, Ollamh Emeritus, Ollscoil Luimnigh

- Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, COBÁC

- Colm Ó Néill, Leas-Uachtarán, AMLÉ

- Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016
Caisleán Bhaile Átha Cliath

09.30 Forbairt na hEagraíochta

10.00 Gnó na hArd-Fheise

- Plé ar na rúin de réir tosaíochta

- Toghcháin Chonradh na Gaeilge

- Tuairiscí ó na heagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge

- Caint Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016
Cathair Bhaile Átha Cliath

14.00 – 17.00 Lá Teaghlaigh trí Ghaeilge ar fud chathair Bhaile Átha Cliath

- Turais stairiúla

- Iarsmalanna

- Ionaid chultúir

- Imeachtaí do theaghlaigh

- Ciorcail chomhrá

- Turas treoraithe de Theach an Ard-Mhéara leis an Ard-Mhéara Críona Ní Dhálaigh ar 15.00 & 16.00

Leabharlann Chester Beatty, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2

14.00 Turas Gaeilge

Tabharfaidh Jack FitzGerald turas Gaeilge saor in aisce ar Leabharlann Chester Beatty agus beidh cupán tae nó caifé ar fáil saor in aisce ina dhiaidh.

Ardán na mBannaí, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2

14.00 Ceolchoirm faoi aer le Seo Linn

Beidh Seo Linn, ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2016, ag seinm idir cheol traidisiúnta agus nua-aimseartha ar an tráthnóna Earraigh seo. Ceolchoirm saor in aisce, amuigh faoin spéir agus fáilte roimh chách idir óg agus aosta.

Uimhir 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

14.00 – 17.00 Taispeántas Athbheochan na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca

An Clogthúr, Campe Nile, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2

14.30 Turas Gaeilge ar Choláiste na Tríonóide

Tabharfaidh mac léinn ó Scéim Chónaithe Choláiste na Tríonóide turas Gaeilge ar champas Choláiste na Tríonóide, ag tosú ag an gClogthúr, Campe Nile, ag 2.30in. Ina dhiaidh, beidh cead isteach ar an tSean-Leabharlann agus ar Leabhar Cheannais móide bróisiúr Gaeilge ar phraghas laghdaithe de €5.

Teach an Ard-Mhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2

15.00 Turas Gaeilge ar Theach an Ard-Mhéara

16.00 Turas Gaeilge ar Theach an Ard-Mhéara

Beidh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, ag cur fáilte speisialta roimh an bpobal chuig Teach an Ard-Mhéara agus ag tabhairt turas treoraithe pearsanta ar an dTeach, trí Ghaeilge agus saor in aisce. Teach an-stairiúil is ea é a tógadh in 1710 agus a raibh an iliomad ócáid stairiúil ann ó shin, an chéad chruinniú den Chéad Dáil mar shampla, a tionóladh sa Seomra Cruinn ar 21 Eanáir 1919.

Dé Sathairn, 27 Feabhra 2016
Proinnteach Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2

19.00 Fáiltiú le ceol

- Tradsoc, Coláiste na Tríonóide

19.30 Caint roimh bhéile: Réabhlóid: Conradh, Teanga, Coláiste na Tríonóide

- An Dr Éamonn Ó Ciardha, Léachtóir Staire, Ollscoil Uladh

19.45 Dráma gairid

- Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide

20.00 Dinnéar na hArd-Fheise i bpáirt le hOifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide

- Bronnadh Ghradaim Chonradh na Gaeilge 2016

- Ceant

- Céilí agus ceol le Rónán Ó Snodaigh (Kíla) & ceoltóirí eile

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.