Ceithre Pháirtí Ag Tacú le hÉilimh Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta, Am ag Iarrthóirí & Páirtithe Fós Tacú Leo

#GaelVótaEolas á sholáthar ag Conradh na Gaeilge don phobal maidir le seasamh na n-iarrthóirí olltoghcháin ar chúrsaí Gaeilge & Gaeltachta trí #GaelVóta

Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir olltoghcháin ó dheas a thug tacaíocht oifigiúil do trí mhóréileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go dtí seo foilsithe ar shuíomh Chonradh na Gaeilge ar www.cnag.ie/gaelvota mar chuid den fheachtas #GaelVóta, ach tá am fós ag iarrthóirí agus ag páirtithe a dtacaíocht a thabhairt do na héilimh roimh an olltoghchán ó dheas Dé hAoine, 26 Feabhra 2016.

Is iad Fianna Fáil, Sinn Féin, An Comhaontas Frith-Dhéine, agus Pobal Roimh Bhrabús na páirtithe a thacaigh go hoifigiúil leis na héilimh mar pháirtí ina n-iomláine, ach tá na tagairtí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i bhforógraí na bpáirtithe polaitíochta eile ar fáil ó www.cnag.ie/gaelvota leis.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá gach iarrthóir aonair a thacaíonn go hoifigiúil leis na héilimh luaite leis an bhfeachtas #GaelVóta freisin, agus is féidir le páirtí nó le hiarrthóir ar bith teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. más mian leo tacú leis na héilimh, agus déanfar na hathruithe cuí ar www.cnag.ie/gaelvota.”

Is feachtas é #GaelVóta chun an pobal a chur ar an eolas faoi sheasamh na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe i dtaca le cúrsaí teanga roimh an olltoghchán ó dheas Dé hAoine, 26 Feabhra 2016, agus roimh an olltoghchán ó thuaidh i mí na Bealtaine. Trí mhóréileamh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá mar bhunús an fheachtais #GaelVóta, éilimh a eascraíonn as plean ionadaíochta agus bearta ionadaíochta arna aontú ag breis ‘s 80 grúpa pobail Gaeilge agus Gaeltachta:

  1. Go ndéanfaí infheistíocht €18 milliúin sa bhreis i bplean phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le borradh a chur faoi úsáid na Gaeilge agus le 1,175+ post nua a chruthú
  2. Go gceapfaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, le Gaeilge, chun go mbeadh ionchur ag an nGaeilge ag Bord an Rialtais
  3. Go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ar comhchéim leis na Comhchoistí Oireachtais eile

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu.”

D’oibrigh Conradh na Gaeilge i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla ar fud na tíre chun fóraim ghnímh áitiúla a reáchtáil i 25 chontae in Éirinn go dtí seo mar chuid den fheachtas #GaelVóta, agus rinneadh teagmháil le gach iarrthóir maidir le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar a laghad faoi dhó de réir na sonraí teagmhála a cuireadh ar fáil go poiblí. Tá freagraí na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe ar www.cnag.ie/gaelvota.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge