Skip to main content

Coicís Fágtha le Cur Isteach ar Chiste €40,000 Do Ghrúpaí Pobail

Scéim deontais is mó riamh á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge um chiste tacaíochta d'imeachtaí agus d’fheachtais phobail Sheachtain na Gaeilge 2016

Ciste Tacaíochta Sheachtain na GaeilgeTá coicís fágtha ag grúpaí pobail iarratas a dhéanamh ar an gciste tacaíochta is mó a sheol Conradh na Gaeilge riamh, buíochas le maoiniú €40,000 do Sheachtain na Gaeilge ó Fhondúireacht Phobail na hÉireann i mbliana. Tá deontais idir €500 agus €2,500 ar fáil d’eagrais agus do ghrúpaí i mbun imeachtaí agus feachtas pobail a reáchtáil in Éirinn d’fhéile na bliana seo trí Chiste Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2016.

Tá níos mó eolais agus foirm iarratais don Chiste Tacaíochta ar fáil ar www.snag.ie/ciste agus tá go dtí Dé Luain, 1 Feabhra 2016, ag grúpaí iarratais a chur isteach le himeachtaí agus feachtais Sheachtain na Gaeilge a reáchtáil le linn na féile ó 1 – 17 Márta 2016. Fógróidh Conradh na Gaeilge torthaí an mhaoinithe go luath ina dhiaidh sin, agus íocfar na deontais leis na grúpaí pobail rathúla faoi Dé hAoine, 19 Feabhra 2016.

Deir Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Ní raibh maoiniú chomh flaithiúil leis seo ar fáil do chiste Sheachtain na Gaeilge roimhe seo, mar sin is deis ar leith í do ghrúpaí pobail imeacht nó feachtas speisialta a eagrú d’fhéile 2016 go mb’fhéidir nach raibh sé d’acmhainn acu a eagrú blianta eile.

“Tá an próiseas iarratais chomh furasta agus an fhoirm iarratais chomh soléite agus arbh fhéidir, agus tá súil againn go ndéanfaidh ciste Sheachtain na Gaeilge 2016 fíordhifríocht do ghrúpaí pobail ag spreagadh na Gaeilge ina gceantar féin i mbliana.”

Is féidir iarratais ar Chiste Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2016 a chur ar ríomhphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó sa phost chuig Ciste, Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, nó is féidir níos mó eolais a lorg trí ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Brenda Ní Ghairbhí

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)86 3649776 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Aodhán Ó Deá

Stiúrthóir Forbartha, Conradh na Gaeilge

00353 (0)86 3102691 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)1 4757401

 

Oifig Sheachtain na Gaeilge

www.snag.ie/ciste | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00 353 (0)1 4757401

 

Déanfar measúnú ar na hiarratais ar Chiste Sheachtain na Gaeilge 2016 bunaithe ar an bplean imeachta(í) / feachta(i)s; ar thaithí chuí an lucht eagraithe; ar an dóigh a chuirfidh imeacht(aí) / feachta(i)s an Ghaeilge chun cinn; ar leagan amach an bhuiséid d’imeacht(aí) / d’fheachta(i)s; agus ar na naisc le cúrsaí cultúir agus staire, comóradh 1916 san áireamh.

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn in Éirinn gach bliain, agus in go leor tíortha eile. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig gach bliain, agus reáchtálfar féile na bliana seo chugainn ó 1 – 17 Márta 2016. Is é Foras na Gaeilge príomh-mhaoinitheoir Sheachtain na Gaeilge. Tuilleadh eolais: www.snag.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge, agus is í príomhaidhm an Chonartha an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Oibríonn an eagraíocht ar son na Gaeilge agus ar son gach duine a bhaineann leas as an teanga ar fud oileán na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá nach mór 180 craobh ag Conradh na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga, agus is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá baill na heagraíochta gníomhach ag cur an Ghaeilge chun cinn i ngach gné de shaol na tíre – ó chúrsaí dlí agus oideachais, go forbairtí sna meáin agus seirbhísí trí Ghaeilge – ó bunaíodh Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú, agus bíonn baill na heagraíochta ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, in Inis, ar an Iúr, i Luimneach, i Maigh Eo, i dTiobraid Árann, agus in áiteanna eile ar fud na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie/courses

 

Bunaíodh Fondúireacht Phobail na hÉireann sa bhliain 2000 agus í mar aidhm aici cabhrú le héiteas an daonchairdis a chothú in Éirinn agus ciste síoraí a thógáil chun tacú le cúiseanna agus le pobail charthanachta in Éirinn agus thar lear. Bunaithe ag gnólachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENR), agus eagraíochtaí fostóirí, chuir an Rialtas deontas de £1 milliún ar fáil dá bhféadfadh ar an bhFondúireacht teacht ar mhaoiniú comhfhreagrach ón earnáil phríobháideach. Tá an ciste maoinithe seo tar éis fás go breis ‘s €40 milliún buíochas le bronntóirí de chuid Fhondúireacht Phobail na hÉireann sa lá atá inniu ann. D’éirigh leis an bhFondúireacht €25 milliún a dháileadh ar charthanachtaí in Éirinn trí dháileadh carnach deontas faoi cheann dheireadh na bliana 2015. Tuilleadh eolais: www.foundation.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.