Skip to main content

€40,000 Le Dáileadh ar Ghrúpaí Pobail Sheachtain na Gaeilge 2016

Fondúireacht Phobail na hÉireannBronnann Fondúireacht Phobail na hÉireann maoiniú €40,000 ar Chonradh na Gaeilge chun scéim deontais a riaradh d'imeachtaí agus d’fheachtais phobail do Sheachtain na Gaeilge

Tá áthas ar Chonradh na Gaeilge cur le Ciste Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge 2016 buíochas le maoiniú €40,000 ó Fhondúireacht Phobail na hÉireann a fógraíodh inniu (Dé Luain, 21 Nollaig 2015). Beidh deontais idir €500 agus €2,500 ar fáil d’eagrais agus do ghrúpaí i mbun imeachtaí agus feachtas pobail a reáchtáil do Sheachtain na Gaeilge 2016 tríd an gciste tacaíochta seo.

Osclófar an ciste d’iarratais ó Dé Luain, 11 Eanáir 2016, agus beidh go dtí Dé hAoine, 29 Eanáir 2016, ag grúpaí iarratais a chur isteach le himeachtaí agus feachtais Sheachtain na Gaeilge a reáchtáil le linn na féile ó 1 – 17 Márta 2016. Fógróidh Conradh na Gaeilge torthaí an mhaoinithe go luath ina dhiaidh sin agus íocfar na deontais leis na grúpaí pobail rathúla faoi Dé hAoine, 19 Feabhra 2016.

Deir Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge:

"Is deis iontach í seo do ghrúpaí pobail cur lena gcumas imeachtaí agus feachtais níos mó a eagrú do Sheachtain na Gaeilge i 2016, agus tá súil againn an ciste méadaithe seo a roinnt fud fad an oileáin."

Deir Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Tá an-áthas ar Chonradh na Gaeilge go mbeidh sé ar chumas na heagraíochta deontais a chur ar fáil do ghrúpaí a bhíonn ag saothar go dícheallach ar son na teanga i measc an phobail i gcónaí.

“Is céim mhór chun tosaigh do Sheachtain na Gaeilge é an maoiniú seo agus táimid fíorbhuíoch d’Fhondúireacht Phobail na hÉireann as. Cuirfidh an ciste tacaíochta go mór le réimse agus le caighdeán na n-imeachtaí agus na bhfeachtais pobail a bheidh ar siúl do Sheachtain na Gaeilge 2016 trí thacaíocht luachmhar a chur ar fáil do ghrúpaí a bheidh rannpháirteach san fhéile an bhliain seo chugainn.”

Déanfar measúnú ar na hiarratais ar Chiste Sheachtain na Gaeilge 2016 bunaithe ar an bplean imeachta(í) / feachta(i)s; ar thaithí chuí an lucht eagraithe; ar an dóigh a chuirfidh imeacht(aí) / feachta(i)s an Ghaeilge chun cinn; ar leagan amach an bhuiséid d’imeacht(aí) / d’fheachta(i)s; agus ar na naisc le cúrsaí cultúir agus staire, comóradh 1916 san áireamh.

Tá níos mó eolais faoin gciste tacaíochta ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge ag www.snag.ie/ciste agus beidh an fhoirm iarratais ar fáil ann ó 11 Eanáir 2016, ach is féidir suim a léiriú sa chiste anois díreach trí ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Leanann Mac Lochlainn:

“Idir an dá linn, táimid ag iarraidh ar gach grúpa le spéis sa chiste tacaíochta tús a chur leis an phleanáil chun smaoineamh ar imeachtaí agus ar fheachtais spleodracha nua. Mar a deir mana Sheachtain na Gaeilge – bain triail aisti – surprise yourself!”

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Bunaíodh Fondúireacht Phobail na hÉireann sa bhliain 2000 agus í mar aidhm aici cabhrú le héiteas an daonchairdis a chothú in Éirinn agus ciste síoraí a thógáil chun tacú le cúiseanna agus le pobail charthanachta in Éirinn agus thar lear. Bunaithe ag gnólachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENR), agus eagraíochtaí fostóirí, chuir an Rialtas deontas de £1 milliún ar fáil dá bhféadfadh ar an bhFondúireacht teacht ar mhaoiniú comhfhreagrach ón earnáil phríobháideach. Tá an ciste maoinithe seo tar éis fás go breis ‘s €40 milliún buíochas le bronntóirí de chuid Fhondúireacht Phobail na hÉireann sa lá atá inniu ann. D’éirigh leis an bhFondúireacht €25 milliún a dháileadh ar charthanachtaí in Éirinn trí dháileadh carnach deontas faoi cheann dheireadh na bliana 2015. Tuilleadh eolais: www.foundation.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.