An-Díomá ar Chonradh na Gaeilge Faoi Thuarascálacha Cur i bhFeidhm na Straitéise de chuid na Ranna Rialtais

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030Léiríonn 16 tuarascáil a foilsíodh inniu a laghad dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó 2010 – 2015, géarghá le hacmhainní

Tá an-díomá ar Chonradh na Gaeilge faoin easpa dul chun cinn a léirítear sna tuarascálacha cúig bliana ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid na Ranna Rialtais a foilsíodh inniu (Dé hAoine, 11 Nollaig 2015), agus éilíonn ar Roinn an Taoisigh ról i gcur chun cinn na Straitéise a ghlacadh. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Taoiseach na hacmhainní cuí a chur i dtreo na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a cheapadh – mar a luaitear ar leathanach 10 den Straitéis féin – mar ábhar práinne freisin.

Aithníonn Conradh na Gaeilge go bhfuil réamhobair thábhachtach curtha i gcrích i réimsí áirithe den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge maidir le pleanáil teanga agus i dtaca le Polasaí Oideachas Gaeltachta mar shampla, agus aithníonn fosta nach ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an locht mura bhfuil Ranna Rialtais eile ag cloígh le spiorad ná le spriocanna na Straitéise. Ach creideann an Conradh go léiríonn na 16 tuarascáil rialtais a foilsíodh inniu a laghad airde atá tugtha ag an stát trí chéile ar an nGaeilge ná ar an nGaeltacht le cúig bliana anuas, agus an géarghá atá ann le ceannasaíocht ó Roinn an Taoisigh i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cúis díomá do Chonradh na Gaeilge go bhfuil bac á chur ag Ranna Rialtais an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach gan tacaíocht tras-Rannach chuí ón rialtas.

“Cé go bhfuil réamhobair mhaith déanta ag ranna ar leith i dtaobh codanna den Straitéis, is deacair le Conradh na Gaeilge a chreidiúint gur foilsíodh tuarascálacha rialtais atá in ainm ‘s cur síos a dhéanamh ar obair tras-Rannach cúig bliana agus cuid acu níos lú ná leathanach ar fhad.”

Tá plean infheistíochta uile-oileánda aontaithe ag breis ‘s 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta (eagrais phobail agus uile-oileánda, agus na húdaráis mhaoinithe s’acu san áireamh) chun breis ‘s 1,160 post a chruthú agus chun míreanna den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a thabhairt chun crích i measc an phobail. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas an maoiniú spriocdhírithe seo a chinntiú don teanga i bhfianaise easpa dul chun cinn cuid de na ranna rialtais chun beart fiúntach a dhéanamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta faoin Straitéis go dtí seo.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní dhéanfar dul chun cinn suntasach faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, ná faoi pholasaí stáit ar bith eile, gan na hacmhainní cuí a chur ar fáil lena cur i bhfeidhm go huile ‘s go hiomlán – tá sé chomh simplí leis sin. Tá bearta ionadaíochta á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag na grúpaí pobail eile chun go gcuirfear an infheistíocht chuí ar fáil don teanga, ina measc go gceapfaí Aire Sinsearach chun feidhmiú ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ag bord an Rialtais, chun cur i bhfeidhm iomlán na Straitéise, agus chun na hacmhainní cuí chuige seo a chinntiú.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Roinn an Taoisigh ceannasaíocht ar agus freagracht as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a ghlacadh, agus chun acmhainní agus Aire Sinsearach a chinntiú do chur i bhfeidhm éifeachtach, iomlán na Straitéise mar ábhar práinne. Tá Conradh na Gaeilge lánsásta agus toilteanach gach cabhair a chur ar fáil chun an obair ríthábhachtach seo ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i gcrích.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge