Skip to main content

Delorentos, Seo Linn & The Riptide Movement I Measc na bPríomhbhannaí Ceoil ag Seinm ag Ravelóid 2016

Kíla le seinm ag Ravelóid 2016Seolann láithreoir raidió Eoghan McDermott an fhéile cheoil is úrnua trí Ghailge do Shamhradh 2016

Tá Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Ham Sandwich, Kíla, Heathers, Mundy, Hot House Flowers, Altan, Bréag, Mo Hat Mo Gheansaí, TG Lurgan, The Bonnymen, Na Firéin, Gráinne Holland agus Boss Sound Manifesto i measc na mbannaí ceoil a bheidh ag seinm ag an bhféile Ravelóid, an chéad fhéile cheoil agus chultúir cheannródaíoch a reáchtálfar trí Ghaeilge ó 10 – 11 Meitheamh 2016 i gCaisleán Ard Giolláin, Baile Átha Cliath, mar a d’fhógair Eoghan McDermott, láithreoir le RTÉ 2fm, ag ceolchoirm speisialta i gCearnóg Theach an Thionóil, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath, níos luaithe anocht (Dé Céadaoin, 9 Nollaig 2015)

Deir Eoghan McDermott, láithreoir le RTÉ 2fm atá ag tacú le Ravelóid:

Ravelóid 2016

“Níl aon amhras ann ach go mbeidh Ravelóid ar an bhféile is spreagúla le teacht ar an bhfód in Éirinn le blianta beaga anuas. An bhfuil bealach níos fearr chun an Ghaeilge agus stair na tíre seo a cheiliúradh ná céilí i lár coille ag 3rn ar maidin, tar éis duit The Riptide Movement, Seo Linn agus neart bannaí eile a fheiceáil beo ar an ardán?!”

Beidh Ravelóid mar phríomhimeacht na Gaeilge de chuid Chlár Comórtha Éire 2016, maraon leis an chéad mhórfhéile shamhraidh chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur i lár an aonaigh le meascán spreagúil, spraíúil de nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, cainteanna, ceardlanna, agus eile.

Tá tuilleadh le fógairt ar www.raveloid.ie i 2016.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féile cheoil agus chultúir cheannródaíoch í Ravelóid a bheidh ag teacht go Caisleán Ard Giolláin, Baile Átha Cliath, ó 10 – 11 Meitheamh 2016. Cuirfidh Ravelóid an Ghaeilge agus an cultúr Gaelachi lár an aonaigh le meascán spreagúil spraíúil de nuacheol agus ceol traidisiúnta, greann, damhsa, litríocht, cainteanna, ceardlanna agus eile. Le háiseanna iomlána campála le haghaidh 5,000 duine, beidh Ravelóid ina imeacht spleodracha dhéanfaidh ceiliúradh ar bheocht agus ar éagsúlacht chultúr comhaimseartha na teanga mar atá inniu. Gach eolas maidir le Ravelóid ar fáil ó: www.raveloid.ie

Is ionann Éire 2016 agus an Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. Is snáithe amháin é An Teanga Bheo de chlár Éire 2016 ina gcuimsítear seacht snáithe ina iomláine, Searmanais Stáit, Machnamh ar an Stair, Léiriú Cultúrtha, Rannpháirtíocht Phobail, An Óige agus an tSamhlaíocht, agus Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra san áireamh. Gach eolas maidir le Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016 ar fáil ó: www.ireland.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.