Skip to main content

Bosca Ballóide Mac Léinn Is Mó Riamh Tagtha Os Comhair Dháil Éireann Mar Chuid d'Fheachtas Gaeilge don Olltoghchán

Plean Infheistíochta Gaeilge & GaeltachtaTá sé i gceist ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus Conradh na Gaeilge bosca ballóide agus páipéar ballóide ollmhór a thabhairt os comhair Theach Laighean inniu ag 1.00 i.n (Dé Céadaoin, 7ú de mhí Dheireadh Fómhair 2015) le suim agus guth na mac léinn tríú leibhéil a thabhairt chun solais maidir le tábhacht polasaithe Gaeilge agus Gaeltachta sna holltoghcháin atá le teacht. 

“Tuigeann Aontas na Mac Léinn in Éirinn á thábhachtaí is a bheidh an céad cúig bliana eile i leith forbairt agus fás na teanga. Níl mic léinn na hÉireann sásta níos mó, fanacht ar an taobh líne, agus páirtithe polaitiúil a ligean le ‘Béalghrá’ nó ‘lip service’ a thabhairt don teanga. Is é sin an fáth go bhfuil muid ag éileamh gníomhaíochta chomhtháite óna hionadaithe polaitiúla agus ó na hiarrthóirí olltoghchán ar fad,” a deireann Aedraen Ó Dubhghaill, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAMLÉ.

Tá go leor eachtraí tar éis titim amach le sé mhí anuas a ndeachaigh go mór i bhfeidhm ar mhic léinn le Gaeilge agus ar mhic léinn Gaeltachta, agus b’éigean d’AMLÉ dualgas an rialtais i leith phobal na Gaeilge, a cheistiú agus a chur faoi scrúdú dá bharr na n-eachtraí seo. San áireamh sna heachtraí sin bhí an géarchéim sa seirbhís eitlíochta ar na hoileáin Árainn; an faillí nuair a fágadh 50,000 logainmneacha Gaeilge ar lár ón gcóras nua Eircode; agus baineadh an béaltriail Stát Gaeilge ó scrúduithe an Teastas Shóisearaigh le déanaí. Chuir na gníomhachtaí seo ar fad go mór as do dhaoine, idir óg agus aosta, sna pobail Gaeilge agus Gaeltachta.

Tagann an léiriú tacaíochta seo óna mic léinn tríú leibhéal, lá i ndiaidh gur sheol Conradh na Gaeilge, AMLÉ agus breis is 70 grúpa eile á bplean infheistíocht don Ghaeilge agus Ghaeltachta ó 2016 ar aghaidh i dteach an Árd-Mhéara, i mBaile Átha Cliath. Molann breis is 70 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta an plean infheistíochta seo, eagraíochtaí phobal agus eagraíochtaí uile-oileánda ina measc, chomh maith lena gcuid údarás maoinithe. Anuas ar sin, tá AMLÉ ag éileamh ar ghach uile páirtí polaitiúla a gcuid dtacaíocht a léiriú agus a gheallúint don phlean seo, ina gcuid forógraí olltoghchán.

BREIS EOLAIS:

Aedraen Ó Dubhghaill,
Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAMLÉ
00 353 (0)86 1303104

Edel Ní Bhraonáin,
Comhordaitheoir na Mac Léinn
00 353 (0)87 6289794

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

pdfPlean Infheistíochta Gaeilge & Gaeltachta
pdfÉilimh Ionadaíochta

GRIANGHRAIF AR FÁIL Ó:

 

Shane O'Neill - Conor McCabe,

Conor McCabe Photography

00 353 (0)85 7057255 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | www.conormccabe.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.