Skip to main content

Ísliú Stádais i nDán don Ghaeilge Faoi Scrúdú Cainte Nua an Teastais Shóisearaigh

Cruinniú soiléirithe á éileamh Conradh na Gaeilge leis an Aire Oideachais láithreach

An Teastas SóisearachCáineann Conradh na Gaeilge cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna ó dheas chun deireadh a chur le scrúdú cainte an stáit don Teastas Sóisearach go láidir, agus buairt léirithe ag an eagras nach dtabharfar cothrom na Féinne don dalta lag ná don chainteoir dúchais faoin gcóras measúnaithe nua a fhágfaí faoi na múinteoirí ranga marc a bhronnadh ar na daltaí s’acu féin, gan ionchur ó scrúdaitheoir seachtrach neamhspleách.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Creideann Conradh na Gaeilge go mbeidh sé dochreidte deacair ar mhúinteoirí caighdeán cothrom, coitianta a leagadh síos do mhic léinn an Teastais Shóisearaigh mura mbíonn measúnú neamhspleách i gceist, agus in uireasa eolais ón Roinn Oideachais maidir le clár oiliúna do na múinteoirí i dtaca leis seo, tá an-imní ar Chonradh na Gaeilge go ndéanfaidh an córas nua dochar do chaighdeán labhartha na scoláirí.”

Tá an-imní ar Chonradh na Gaeilge nach n-éireoidh le scrúdú cainte gan measúnú neamhspleách freastal mar is cuí a dhéanamh ar chainteoirí maithe Gaeilge ná ar chainteoirí laga Gaeilge, go háirithe mura leagtar caighdeán náisiúnta amach mar fhráma tagartha agus mar threoir shoiléir do mhúinteoirí ag dul i mbun tástála labhartha sa seomra ranga, agus mura gcuirtear clár oiliúna cuimsitheach ar fáil do na múinteoirí freisin. Mar a sonraíodh i dTuarascáil an Phríomhchigire 2010 – 2012, tá scileanna teanga na múinteoirí féin easnamhach i líon áirithe iarbhunscoileanna, áit ar tuairiscíodh go raibh 33% de múinteoirí Gaeilge iarbhunscoile le cumas lag sa Ghaeilge, agus dá réir bheadh an-amhras ar Chonradh na Gaeilge go mbeadh na múinteoirí seo in ann measúnú cóir, cothrom a dhéanamh ar scileanna teanga na ndaltaí s’acu.

Tá cruinniú éigeandála á lorg ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Jan O'Sullivan TD, chun soiléiriú a fháil ar cheist an mheasúnaithe scoilbhunaithe, ar chaighdeán measúnaithe náisiúnta, ar chéatadán an scrúdaithe chainte nua don Teastas Sóisearach, agus ar chlár traenála na múinteoirí.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Cé gur maith an rud é go mbeidh gach mac léinn ag dul don Teastas Sóisearach ag tabhairt faoi scrúdú cainte ó Mheán Fómhair 2017 ar aghaidh, níl Conradh na Gaeilge sásta go mbeidh scrúdú cainte gan measúnú neamhspleách chun leas na scoláirí. Tá go leor ceisteanna le freagairt ag an Roinn Oideachais faoi chur chuige scrúdú cainte nua an Teastais Shóisearaigh agus tá cruinniú éigeandála á éileamh ag Conradh na Gaeilge leis an Aire O’Sullivan mar ábhar práinne.”

Molann Conradh na Gaeilge go gcuirfí scrúdú cainte le measúnú neamhspleách stáit ar gach dalta ag dul don Teastas Sóisearach le hardchaighdeán labhartha na Gaeilge a chinntiú i measc na mac léinn.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.