Foghlaimímis Ó Thaithí Choimisinéir Teanga na Breataine Bige

Córas Bunaithe Ar Chaighdeáin De Dhíth Seachas Córas Lochtach na Scéimeanna Teanga Reatha

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas cluas éisteachta a thabhairt do chomhairle agus do léargas an Choimisinéara Teanga sa Bhreatain Bheag, Meri Huws, agus córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla a fhorbairt in ionad na scéimeanna teanga atá i bhfeidhm faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, faoi láthair.

In alt san iris ar-líne Tuairisc.ie a foilsíodh inniu (Dé Céadaoin, 29 Iúil 2015), deir Meri Huws go sonrach go raibh “córas scéimeanna teanga lochtach” i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag ar feadh i bhfad an iomarca ama sular géilleadh go raibh gá le hathrú agus gur tosaíodh ar scéimeanna caighdeánaithe a thabhairt isteach.

Amhlaidh Chonradh na Gaeilge, creideann Coimisinéir Teanga na Breataine Bige freisin go bhféadfadh gur “rud maith a bheadh sa mhoill fhada ar fhoilsiú an Bhille Teanga dá dtapófaí an deis cinnteidil an Bhille leasaithe Teanga a láidriú” agus foráil chun córas bunaithe ar chaighdeáin seachas ar na scéimeanna teanga reatha a áireamh ann.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá míreanna sna ceannteidil de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014, mar a sheasann siad faoi láthair, a lagóidh na seirbhísí Gaeilge don phobal, cosúil leis an moladh go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa bhille nua go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint.

 

“Creideann Conradh na Gaeilge gur fearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid. Is léir go n-aontaíonn Coimisinéir Teanga na Breataine Bige leis an méid seo, mar sin táimid ag éileamh ar an Rialtas éisteacht leis an taithí seo s’aici a bhain sise amach le dua.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“An rud tábhachtach ná go mbeadh seirbhísí ar fáil as Gaeilge dóibh siúd go mba mhian leo iad a úsáid; chabhródh seo leis an bpobal a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid níos minice ina saol. Baineann tábhacht ar leith, mar sin, le córas bunaithe ar chaighdeáin a thabhairt isteach i dtaca le soláthar seirbhísí as Gaeilge. Má thuigtear don phobal cé hiad na seirbhísí a bheidh ar fáil dóibh ar bhonn uilechoiteann, is féidir leo dul i mbun gnó i gceart leis an stát ina rogha teanga. Foghlaimímis ó thaithí na Breataine Bige agus cuirimis an sárchóras seo i bhfeidhm mar ábhar práinne gan a thuilleadh moille.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas foghlaim ó thaithí teanga na Breataine Bige, an reachtaíocht teanga ó dheas a láidriú, agus caighdeán bunaithe ar rialacháin reachtúla a fhorbairt in áit na scéimeanna teanga reatha i mBille Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014, sula bhfoilsítear é.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge