Díomá ar Chonradh na Gaeilge Le Ráiteas an Taoisigh ar Chlár Raidió 1

Géarchéim na Gaeltachta Á Séanadh ag an Taoiseach

Tá díomá ar Chonradh na Gaeilge as an easpa tuisceana ar chruachás na Gaeltachta a léiríonn an Taoiseach Enda Kenny TD ar an gclár faisnéise Documentary on One: Fine Gaeilgeoir a chraolfar ar RTÉ Raidió 1 amárach (Dé Sathairn, 25 Iúil 2015) ar 2.00in, áit a shéanann an Taoiseach go bhfuil na Gaeltachtaí faoi bhrú agus é den tuairim go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge iontu ag méadú.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Is léir go bhfuil dul amú ar an Taoiseach más amhlaidh go gceapann sé go bhfuil líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag fás, fiú ar éigin – tagann formhór an taighde agus an staidéir teangeolaíochta salach ar a leithéid de ráiteas. Níl aon cheist ann ach go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht; tá lear mór taighde ó fhoinsí éagsúla a thacaíonn leis seo, ach níos tábhachtaí fós, aithníonn an pobal Gaeltachta féin na fadhbanna atá ag cur brú ar an nGaeilge mar ghnáth-theanga labhartha an phobail.

 

“Is iad seo na fadhbanna a tháinig chun cinn ag na cruinnithe áitiúla a bhí á reáchtáil mar chuid den phlé ar oideachas Gaeltachta ar fud na tíre le míonna anuas, fadhbanna atá aitheanta ag an bpobal féin agus atá tacaíocht á lorg acu ón Rialtas le haghaidh réiteach orthu, chun an Ghaeilge a bhuanú mar theanga bheo sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann agus amach anseo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach géarchéim teanga agus eacnamaíochta na Gaeltachta a aithint tríd an tacaíocht agus an maoiniú chuí a chinntiú do na grúpaí pobail áitiúla atá ag tabhairt faoi na pleananna teanga a ullmhú sna Gaeltachtaí éagsúla faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 ó dheas.

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

 

“Dúirt an Taoiseach chomh maith nár chóir go mbeadh na Gaeltachtaí mar ‘Exclusive Reservations’ ag diúltú daoine ag dul ag cónaí ann gan Ghaeilge. Creideann an Conradh, áfach, gur gá struchtúr sásúil a chur ar bun a thacóidh leis na daoine nua ag cónaí i gceantair Ghaeltachta gan líofacht sa Ghaeilge, chun an Ghaeilge a fhoghlaim, chun imeascadh leis an bpobal áitiúil ann, agus chun tábhacht na teanga ar a súile dóibh. Ní amháin sin ach tá sé riachtanach nach sárófaí cearta teanga an chainteora dúchais sa Ghaeltacht, agus chuige sin tá sé riachtanach go mbeidh córas tacaíochta sásúil ar fáil do chainteoirí dúchais freisin.”

Bhain ceapachán Joe McHugh TD ina Aire Gaeltachta le cúrsaí tíreolaíochta chun go mbeadh ionadaíocht ag Dún na nGall sa Rialtas, de réir ráiteas an Taoisigh ar an gclár Fine Gaeilgeoir, agus is cosúil gur roghnaíodh McHugh don aireacht shóisearach toisc gurb ann don Teachta le fada; comhartha tábhachtach a bhí ann do dhaoine fosta, dar leis an Taoiseach, go bhféadfadh duine a raibh a chuid Gaeilge caillte aige, í a athshealbhú as an nua. Cé go molann Conradh na Gaeilge an tAire Joe McHugh TD as an bhfeabhas suntasach a chur sé ar a chuid Gaeilge ó ceapadh ina Aire Gaeltachta é i mí Iúil 2014, is léir ó ráiteas an Taoisigh nár tógadh géarchéim na Gaeltachta san áireamh nuair a ceapadh an Teachta Joe McHugh TD ina Aire sóisearach anuraidh.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge