Bunachar Easnamhach In Úsáid ag an gCóras €27 Milliún Nua Eircode

100 bliain caite – ach is é Rialtas na hÉireann atá ag caitheamh le lucht úsáide na Gaeilge mar shaoránaigh ísealchéime an uair seo

Agóid Chonradh na Gaeilge ag seoladh EircodeBeidh Conradh na Gaeilge ag éileamh ag an Óstán Shelbourne, Baile Átha Cliath 2, ar 9.30rn Dé Luain, 13 Iúil 2015, ar an Aire Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha, Alex White, an bunachar easnamhach agus míchruinn ó thaobh na seoltaí i nGaeilge de sa chóras nua €27 milliúin Eircode a réiteach láithreach.

Tá suas le 50,000 logainm atá mícheart nó in easnamh ina iomlán sa bhunachar atá in úsáid don chóras Eircode, ach ina ainneoin seo – agus ainneoin an €27 milliún atá caite ar an gcóras códphoist nua go dtí seo – tá an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha ag glacadh leis an gcóras códphoist lochtach mar atá, agus ag diúltú maoiniú a chur ar fáil le caoi a chur ar an mbunachar. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Cumarsáide, Alex White TD, an plean a chuir grúpa oibre de na páirtithe leasmhara* le chéile – a réiteodh an fhadhb thar dhá bhliain – a mhaoiniú láithreach.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Bhí ar Chonradh na Gaeilge feachtas na mbeart a eagrú in Ard-Oifig an Phoist céad bliain ó shin chun iallach a chur ar Rialtas na Breataine litreacha le seoltaí i nGaeilge orthu a sheachadadh tríd an bPost Ríoga sa bhliain 1910. Is scannal é gur ghá dúinn anois céad bliain níos déanaí feachtas a reáchtáil i gcoinne Roinn Cumarsáide na hÉireann féin toisc nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chóras códphoist nua atá beartaithe d’Éirinn. Tá an Roinn ag caitheamh leo siúd ar mian leo an Ghaeilge a úsáid ina saol mar shaoránaigh ísealchéime ina dtír féin.”

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcinneadh córas códphoist a fhorbairt ó dheas in 2007, agus ghlac ról gníomhach sa phlé ón gcéad lá, ar mhaithe le cinntiú go mbeadh an Ghaeilge in úsáid i gceart sa chóras nua agus nach mbeadh pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thíos leis na códphoist úra. Tá an Conradh sásta go mbeidh na cóid féin teanga-neodrach agus go mbeidh ábhar dátheangach in úsáid ag Capita Ireland, an cuideachta príobháideach a cheap an Rialtas leis an Eircode a fhorbairt.

Aithníodh go raibh na mílte bearnaí agus líon suntasach na logainmneacha mícheart sa leagan Gaeilge den bhunachar a bheadh in úsáid sa chóras nua Eircode in 2014 áfach, agus chuir grúpa oibre de na páirtithe leasmhara* plean le chéile – a réiteodh an fhadhb thar dhá bhliain – chuig an Roinn Cumarsáide i mí an Mhárta 2015; tá an Roinn ag diúltú an plean a mhaoiniú faoi láthair.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“D’fheadfadh suas le 50,000 nó níos mó bearna agus logainm atá le ceartú a bheith i gceist leis an mbunachar atá in úsáid ag an gcóras nua códphoist darbh ainm Eircode. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na céadta mílte saoránach ann nach mbeidh leagan Gaeilge dá seoladh ceangailte leis an Eircode a gheobhaidh siad ón stát go luath, nó go mbeidh an seoladh Gaeilge iomlán míchruinn.

 

“Dá mbeadh bunachar in úsáid le liosta iomlán de na logainmneacha Gaeilge ach 50,000 bearna sna logainmneacha Béarla, bheadh raic agus rí-rá ann, agus is cinnte go ndéanfaí an scéal a leigheas láithreach. Tá an Roinn Cumarsáide ag diúltú an fhadhb seo a réiteach, in ainneoin go bhfuil réiteach na faidhbe ar fáil. Is léiriú eile é seo den státchóras ag séanadh cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd gur mian leo an Ghaeilge a úsáid ina saol.”

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

* Áirítear An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha; Foras na Gaeilge; Logainm.ie; An Coiste Logainmneacha; agus Conradh na Gaeilge sa ghrúpa oibre de pháirtithe leasmhara don chóras códphoist nua de Capita Ireland. Ghlac an Geodirectory páirt ann ó 24 Aibreán 2015.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge