Glacann Conradh na Gaeilge Misneach as Bua do Phobal na Gaeilge san Eoraip

Beartaíonn an Rialtas deireadh a chur le maolú na Gaeilge san AE ar bhonn céimiúil faoi 2021

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh ghealltanas leasaithe an Rialtais inniu (Dé Céadaoin, 15 Iúil 2015) go gcuirfear deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas Eoraip ar bhonn céimiúil laistigh d’achar cúig bliana.

Bhí sé mar aidhm shonraithe de chuid an Rialtais deireadh a chur leis an maolú laistigh de shaolré na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 roimh nochtadh an lae inniu. Tá Conradh na Gaeilge sásta mar sin go bhfuil an Rialtas anois ag obair i dtreo deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san Eoraip faoi 31 Nollaig 2021 – naoi mbliana níos luaithe – agus cur chuige incriminteach á ghlacadh acu i dtaobh seirbhísí breise a chur ar fáil ag an am céanna chun scóip an mhaolaithe a chúngú le linn na tréimhse sin freisin.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá plean céimiúil á éileamh ag Conradh na Gaeilge le deireadh a chur le maolú na Gaeilge san Aontas Eoraip le breis agus deich mbliana anuas, agus is údar sásaimh dúinn inniu go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag tabhairt faoi stádas iomlán a bhaint amach do theanga na tíre san Eoraip ar deireadh – más mall, is mithid.

 

“Is bua ollmhór é seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus gabhann Conradh na Gaeilge buíochas ó chroí le gach duine sa phobal a thacaigh leis an bhfeachtas le deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san AE, agus go deimhin leis na polaiteoirí ó gach páirtí polaitíochta – sa bhaile agus san Eoraip – a d’éiligh plean céimiúil chuige seo.”

Thug na mílte duine faoi shráideanna Bhaile Átha Cliath chun a gcearta teanga agus stádas iomlán don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a éileamh ag An Lá Mór ar an 24 Aibreán 2004, agus arís mar chuid de na héilimh luaite le Lá Mór na Gaeilge ar 14 Feabhra 2014 deich mbliana níos déanaí.

Cé go bhfuil síneadh ama de chúig bliana eile á lorg ag Rialtas na hÉireann ar an maolú reatha ar an nGaeilge san Eoraip i mbliana, is cosúil ó ráiteas an Rialtais inniu gurb í seo an uair dheireanach gurb amhlaidh an scéal agus nach lorgófar síneadh eile ar an maolú arís i ndiaidh 2021. Tá an moladh le dul os comhair Chomhairle an Aontais Eorpaigh go fóill.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Is iontach an rud é go bhfuil an Rialtas tiomnaithe anois le deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge san Eoraip faoi cheann 2021 ar a dhéanaí, agus más féidir an sprioc seo a bhaint amach níos luaithe ná sin, déanfaidh Conradh na Gaeilge stocaireacht ar son an mholta sin chomh maith.

 

“Tá súil ag an gConradh go n-aontóidh Comhairle an Aontais Eorpaigh ar phlean céimiúil chuige seo mar ábhar práinne, agus go gcuirfear tús leis an bpróiseas láithreach. Deis iontach do phobal na Gaeilge a bheidh i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh amach anseo, agus ní mór don Rialtas spriocanna cinnte, intomhaiste a chinntiú leis na hinstitiúid éagsúla san AE i dtaca le líon na gcéimithe inniúla Gaeilge a chuirfear ar fáil gach bliain idir seo agus 2021 d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha, céim ar chéim.”

Tá Conradh na Gaeilge ar fáil le páirt ghníomhach a ghlacadh i bplean céimiúil an Rialtais chun deireadh a chur leis an maolú ar stádas iomlán na Gaeilge san Aontas Eoraip sa chéad cúig bliana eile, agus súil ag an eagraíocht ról lárnach a choinneáil sa stocaireacht ar mhaithe le teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den Ghaeilge a luaithe agus is féidir.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge